+Airteagal 13 Lipéadú gabhdán dramhaíola le haghaidh dramhaíl ó phacáistíocht a bhailiú
---+Airteagal 13 1
---+Airteagal 13 2

Airteagal 13 Lipéadú gabhdán dramhaíola le haghaidh dramhaíl ó phacáistíocht a bhailiú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 13 1

1.   Faoin 12 Lúnasa 2028 nó 30 mí ó i bhfeidhm na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2, cibé acu is déanaí, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar lipéid chomhchuibhithe, lena bhféadfar bailiúchán ar leithligh de gach ábhar sonrach de dhramhaíl ó phacáistíocht atá beartaithe lena diúscairt i ngabhdáin ar leithligh, a chur, a phriontáil nó a ghreanadh go sofheicthe, go hinléite agus go doscriosta ar gach gabhdán chun dramhaíl ó phacáistíocht a bhailiú. Féadfaidh níos mó ná lipéad amháin a bheith ar ghabhdán le haghaidh dramhaíl ó phacáistíocht. Níl feidhm ag an oibleagáid sin maidir le gabhdáin atá faoi réir córas aisíoctha éarlaise.

Airteagal 13 2

2.   Faoin 12 Lúnasa 2026, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun lipéid chomhchuibhithe agus sonraíochtaí le haghaidh na gceanglas agus na bhformáid lipéadaithe a bhunú le haghaidh lipéadú na ngabhdán dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á bhforbairt, cuirfidh an Coimisiún san áireamh sainiúlachtaí na gcóras bailiúcháin arna mbunú sna Ballstáit chomh maith le sainiúlachtaí na pacáistíochta ilchodaí. Beidh an lipéadú le haghaidh na ngabhdán ag teacht leis an lipéadú le haghaidh pacáistíochta mar a thagraítear dó in Airteagal 12(6), cé is moite de lipéadú le haghaidh pacáistíochta atá faoi réir córais aisíoctha éarlaise. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 65(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0040
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.