+Airteagal 19 Oibleagáidí na ndáileoirí
---+Airteagal 19 1
---+Airteagal 19 2
---+Airteagal 19 3
---+Airteagal 19 4
---+Airteagal 19 5
---+Airteagal 19 6
|
Airteagal 19 Oibleagáidí na ndáileoirí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 19 1
|
1. Agus iad ag cur pacáistíocht ar an margadh, gníomhóidh dáileoirí go cuí agus go cúramach maidir le ceanglais an Rialacháin seo.
|
|
Airteagal 19 2
|
2. Roimh dóibh pacáistíocht a chur ar fáil ar an margadh, fíoróidh dáileoirí na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
go bhfuil an táirgeoir, atá faoi réir na n-oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora don phacáistíocht, cláraithe i gclár na dtáirgeoirí dá dtagraítear in Airteagal 44;
|
|
(b)
|
go ndéantar an phacáistíocht a lipéadú i gcomhréir le hAirteagal 12; agus
|
|
(c)
|
gur chomhlíon an monaróir agus an t-allmhaireoir na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 15(5) agus (6) agus in Airteagal 18(3) faoi seach.
|
|
|
Airteagal 19 3
|
3. I gcás ina measfaidh dáileoir nó ina bhfuil údar ag dáileoir chun a chreidiúint, sula gcuirfidh sé pacáistíocht ar fáil ar an margadh, nach bhfuil pacáistíocht den sórt sin i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 5 go 12 nó de bhun na nAirteagal sin, faoi seach, nó nach bhfuil na ceanglais sin a leagtar amach in Airteagal 15(5) agus (6) agus Airteagal 18(3), faoi seach, á gcomhlíonadh ag an monaróir nó ag an allmhaireoir, ní chuirfidh an dáileoir an phacáistíocht ar an margadh go dtí go dtabharfar an phacáistíocht sin chun comhréireachta nó go dtí go mbeidh na ceanglais á gcomhlíonadh ag an monaróir nó ag an allmhaireoir.
Áiritheoidh dáileoirí, fad atá an phacáistíocht, bíodh sí folamh nó le táirge nó ná bíodh, faoina gcúram, nach gcuirfidh dálaí stórála ná iompair as dá comhréireacht leis na ceanglais a leagtar amach Airteagail 5 go 12 nó de bhun na n-airteagal sin.
|
|
Airteagal 19 4
|
4. Maidir le haon fhaisnéis a nochtfaidh an monaróir ní úsáidfidh an dáileoir í ach chun a fhíorú go bhfuil na ceanglais is infheidhme a leagtar amach in Airteagail 5 go 12 nó de bhun na n-airteagal sin á gcomhlíonadh. Go háirithe, toirmiscfear ar dháileoirí an fhaisnéis sin a mhí-úsáid chun críoch tráchtála.
|
|
Airteagal 19 5
|
5. Áiritheoidh dáileoirí, a mheasann nó a bhfuil údar acu chun a chreidiúint nach bhfuil pacáistíocht atá curtha ar fáil ar an margadh acu leis an táirge pacáistithe i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme a leagtar síos in Airteagail 5 go 12 nó de bhun na n-airteagal sin, go ndéanfar na bearta ceartaitheacha is gá chun an phacáistíocht sin a thabhairt chun comhréireachta, a tharraingt siar nó a aisghairm, de réir mar is iomchuí.
Cuirfidh dáileoirí údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát inar chuir siad an phacáistíocht ar fáil ar an eolas láithreach faoin neamhchomhréireacht amhrasta agus faoi na bearta ceartaitheacha a rinneadh.
|
|
Airteagal 19 6
|
6. Soláthróidh dáileoirí, ar iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta, an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile a bhfuil rochtain acu orthu agus atá ábhartha chun comhréireacht na pacáistíochta leis na ceanglais is infheidhme a leagtar síos in Airteagail 5 go 12 nó de bhun na n-airteagal sin a léiriú i dteanga amháin nó níos mó is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca. Soláthrófar an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin i bhfoirm leictreonach agus, arna iarraidh sin, i bhfoirm pháipéir.
Rachaidh na dáileoirí i gcomhar leis an údarás náisiúnta maidir le haon ghníomhaíocht a rinneadh chun aon chás maidir le neamhchomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagail 5 go 12 nó de bhun na nAirteagal sin a réiteach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0040
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|