+Airteagal 23 Oibleagáidí faisnéise na n-oibreoirí bainistithe dramhaíola ó phacáistíocht
---+Airteagal 23 2
---+Airteagal 23 3

Airteagal 23 Oibleagáidí faisnéise na n-oibreoirí bainistithe dramhaíola ó phacáistíocht

Déanfaidh na hoibreoirí bainistithe dramhaíola ó phacáistíocht an fhaisnéis maidir le dramhaíl ó phacáistíocht a liostaítear i dTábla 3 d’Iarscríbhinn XII den Rialachán seo, cé is moite d’fhaisnéis ar phacáistíocht a cuireadh ar fáil den chéad uair ar chríoch an Bhallstáit, a sholáthar do na húdaráis inniúla, ar bhonn bliantúil, tríd an gclárlann leictreonach nó trí na clárlanna leictreonacha, i gcomhréir le hAirteagal 35(1) de Threoir 2008/98/CE.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 23 2

Déanfaidh na hoibreoirí bainistithe dramhaíola ó phacáistíocht an fhaisnéis uile is gá chun na hoibleagáidí faisnéise a chomhlíonadh dá dtagraítear in Airteagal 44(10) a sholáthar go bliantúil do na táirgeoirí i gcás ina gcomhlíontar na hoibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora ar bhonn aonair, nó don eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí ar cuireadh cúram uirthi na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh, i gcás comhlíonadh comhchoiteann na n-oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora.

Airteagal 23 3

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, i gcás inarb iad na húdaráis phoiblí atá freagrach as bainistiú dramhaíola ó phacáistíocht a eagrú, go soláthróidh na hoibreoirí bainistithe dramhaíola ó phacáistíocht, ar bhonn bliantúil, do na húdaráis phoiblí sin an fhaisnéis uile is gá chun na hoibleagáidí faisnéise a chomhlíonadh a leagtar síos in Airteagal 44(10), nó modhanna eile a chomhlíonadh chun an chlárlann leictreonach nó na clárlanna leictreonacha a fhorlíonadh, i gcomhréir le hAirteagal 35(1) de Threoir 2008/98/CE.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0040
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.