3. Chun críoch ríomh an chóimheasa dá dtagraítear i mír 1:
|
(a)
|
ciallóidh spás folamh an difríocht idir toirt iomlán na pacáistíochta grúpáilte, iompair nó ríomhthráchtála agus toirt iomlán na pacáistíocht díolacháin a chuimsítear ann;
|
|
(b)
|
ciallóidh an cóimheas spáis fholaimh an cóimheas idir an spás folamh mar a shainmhínítear i bpointe (a) agus toirt iomlán na pacáistíochta grúpáilte, iompair nó ríomhthráchtála.
|
Measfar gur spás folamh é spás a líonfar le hábhair líonta amhail gearrthóga páipéir, aerchúisíní, cumhdaigh bholgóideacha, líonaigh spúinse, líonaigh chúir, olann adhmaid, polaistiréin nó clocha Styrofoam.