13. Beidh oibreoirí eacnamaíocha díolmhaithe ón oibleagáid na spriocanna a leagtar amach san Airteagal seo a bhaint amach ar feadh bliain féilire, más rud é le linn na bliana féilire sin:
|
(a)
|
nach ndearna siad níos mó ná 1 000 kg de phacáistíocht a chur ar fáil ar chríoch Bhallstáit; agus
|
|
(b)
|
go dtagann siad faoin sainmhíniú ar mhicrifhiontar mar a leagtar amach i Moladh 2003/361/CE, de réir mar is infheidhme an 11 Feabhra 2025.
|
Ar bhonn na ndála speisialta a bhaineann leis an dáileadh deiridh agus le roinnt earnálacha monaraíochta, lena n-áirítear ar an leibhéal náisiúnta, tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 64, chun an tairseach a leagtar amach i bpointe (a) den mhír seo a leasú.