+Airteagal 29 Spriocanna athúsáide
---+Airteagal 29 1
---+Airteagal 29 2
---+Airteagal 29 3
---+Airteagal 29 4
---+Airteagal 29 5
---+Airteagal 29 6
---+Airteagal 29 7
---+Airteagal 29 8
---+Airteagal 29 9
---+Airteagal 29 10
---+Airteagal 29 11
---+Airteagal 29 12
---+Airteagal 29 13
---+Airteagal 29 14
---+Airteagal 29 15
---+Airteagal 29 16
---+Airteagal 29 17
---+Airteagal 29 18
---+Airteagal 29 19

Airteagal 29 Spriocanna athúsáide

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 29 1

1.   Ón 1 Eanáir 2030, na hoibreoirí eacnamaíocha a úsáideann pacáistíocht iompair nó pacáistíocht díolacháin a úsáidtear chun táirgí a iompar, lena n-áirítear le haghaidh táirgí a dháiltear trí ríomhthráchtáil, laistigh de chríoch an Aontais, sna foirmeacha seo a leanas: pailléid, boscaí infhillte plaisteacha, boscaí, tráidirí, cliathbhoscaí plaisteacha, bulc-choimeádáin idirmheánacha, buicéid, drumaí agus ceanastair d’aon mhéid nó ábhar, lena n-áirítear formáidí solúbtha nó fillteáin phailléid nó strapaí chun táirgí a chuirtear ar phailléid le linn iompair a chobhsú agus a chosaint, áiritheoidh siad gur pacáistíocht in-athúsáidte é 40 % ar a laghad den phacáistíocht sin san iomlán laistigh de chóras athúsáide.

Ón 1 Eanáir 2040, déanfaidh na hoibreoirí eacnamaíocha sin iarracht úsáid a bhaint as 70 %, ar a laghad, den phacáistíocht dá dtagraítear sa chéad fhomhír i bhformáid in-athúsáidte laistigh de chóras athúsáide.

Airteagal 29 2

2.   Ón 1 Eanáir 2030, de mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, na hoibreoirí eacnamaíocha a úsáideann pacáistíocht iompair nó pacáistíocht díolacháin a úsáidtear chun táirgí a iompar, sna foirmeacha mar a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo, laistigh de chríoch an Aontais, idir láithreáin éagsúla ar a ndéanann an t-oibreoir a ghníomhaíocht, nó idir aon cheann de na láithreáin ar a ndéanann an t-oibreoir a ghníomhaíocht agus suíomhanna aon fhiontair nasctha nó aon fhiontair chomhpháirtíochta eile, mar a shainmhínítear in Airteagal 3 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE de réir mar is infheidhme an 11 Feabhra 2025, áiritheoidh siad go mbeidh an phacáistíocht sin in-athúsáidte laistigh de chóras athúsáide.

Airteagal 29 3

3.   Ón 1 Eanáir 2030, de mhaolú ar mhír 1, déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha a úsáideann pacáistíocht iompair nó pacáistíocht díolacháin a úsáidtear chun táirgí a iompar, lena n-áirítear le haghaidh táirgí a dháiltear trí ríomhthráchtáil, sna foirmeacha a liostaítear i mír 1, chun táirgí a sheachadadh ar oibreoir eacnamaíoch eile laistigh den Bhallstát céanna a áirithiú go mbeidh an phacáistíocht sin in-athúsáidte laistigh de chóras athúsáide.

Airteagal 29 4

4.   Níl feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 1, 2 agus 3 maidir le pacáistíocht iompair ná pacáistíocht díolacháin ar de na cineálacha seo a leanas í:

(a)

pacáistíocht a úsáidtear chun earraí contúirteacha a iompar i gcomhréir le Treoir 2008/68/CE;

(b)

pacáistíocht a úsáidtear chun innealra ar mhórscála a iompar agus chun trealamh agus tráchtearraí a iompar a ndéantar pacáistíocht a shaincheapadh ina leith chun go n-oirfidh siad do cheanglais aonair an oibreora eacnamaíoch a rinne an t-ordú;

(c)

pacáistíocht i bhformáid sholúbtha, a úsáidtear le haghaidh iompair, a bhíonn i dteagmháil dhíreach le bia agus beatha mar a shainmhínítear in Airteagal 2 agus in Airteagal 3, pointe (4), de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, nó a bhíonn i dteagmháil le comhábhair bia mar a shainmhínítear iad in Airteagal 2(2), pointe (f), de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (69);

(d)

pacáistíocht i bhfoirm boscaí cairtchláir.

Airteagal 29 5

5.   Ón 1 Eanáir 2030, oibreoirí eacnamaíocha, a úsáideann pacáistíocht ghrúpáilte i bhfoirm boscaí, seachas boscaí cairtchláir, lasmuigh de phacáistíocht díolacháin, chun líon áirithe táirgí a ghrúpáil d'fhonn aonad stoc-choimeádta nó dáileacháin a chruthú, áiritheoidh siad gur pacáistíocht in-athúsáidte faoi chóras athúsáide é 10 % ar a laghad den phacáistíocht sin.

Ón 1 Eanáir 2040, féachfaidh na hoibreoirí eacnamaíocha le 25 % ar a laghad den phacáistíocht sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a úsáid i bhformáid in-athúsáidte laistigh de chóras athúsáide.

Airteagal 29 6

6.   Ón 1 Eanáir 2030, déanfaidh dáileoirí deiridh, a chuireann deochanna alcólacha agus neamh-mheisciúla i bpacáistíocht díolacháin ar fáil ar chríoch Bhallstáit do thomhaltóirí, a áirithiú go gcuirfear 10 % ar a laghad de na táirgí sin ar fáil i bpacáistíocht in-athúsáidte laistigh de chóras athúsáide.

Ón 1 Eanáir 2040, féachfaidh oibreoirí eacnamaíocha lena áirithiú go gcuirfear 40 % ar a laghad de na táirgí dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar fáil i bpacáistíocht in-athúsáidte laistigh de chóras athúsáide.

Áiritheoidh dáileoirí deiridh go rannchuideoidh táirgí pacáistithe arna monarú faoina mbranda féin ar bhonn cothrom agus comhréireach leis na spriocanna a leagtar amach sa mhír seo a bhaint amach.

Airteagal 29 7

7.   Ní bheidh feidhm ag na spriocanna a leagtar síos i mír 6 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

deochanna atá an-mheatach de réir bhrí Airteagal 24 de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 agus bainne agus táirgí bainne a liostaítear i gCuid XVI d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus a gcomhchosúlachtaí déiríochta a thagann faoi chóid 2202 99 11 agus 2202 9915 den Ainmníocht Chomhcheangailte (AC) in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (70);

(b)

catagóirí na dtáirgí fíniúna a liostaítear i bpointí 1, 3 go 9, 11, 12, 15, 16 agus 17 de Chuid II d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;

(c)

táirgí fíona cumhraithe mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (71);

(d)

táirgí atá comhchosúil le táirgí fíona agus táirgí fíona cumhraithe agus a fhaightear ó thorthaí eile seachas fíonchaora agus glasraí, agus deochanna coipthe eile a thagann faoi chód AC 2206 00;

(e)

deochanna biotáilleacha alcólbhunaithe a chomhfhreagraíonn do cheannteideal AC 2208.

Airteagal 29 8

8.   Faoin 12 Feabhra 2027, foilseoidh an Coimisiún treoirlínte, i gcomhairle leis na Ballstáit, faoi na cineálacha táirgí a thagann faoi raon feidhme mhíreanna 6 agus 7.

Airteagal 29 9

9.   Déanfaidh dáileoirí deiridh, mar a thagraítear dóibh i mír 6, gach pacáistíocht in-athúsáidte den chineál céanna, den fhoirm chéanna agus den mhéid chéanna leis an bpacáistíocht a chuireann siad ar fáil ar an margadh a thógáil ar ais, saor in aisce, laistigh den chóras athúsáide sonrach sin ag an díolphointe, rud a áiritheoidh go ndéanfar an phacáistíocht sin a aisghabháil agus a chur ar ais tríd an slabhra dáileacháin ar fad. Áiritheoidh na dáileoirí deiridh go mbeidh na húsáideoirí deiridh in ann an phacáistíocht a thabhairt ar ais ag an suíomh iarbhír ina bhfuair siad í nó in aice leis. Aisíocfaidh an dáileoir deiridh na héarlaisí gaolmhara go hiomlán nó tabharfaidh sé fógra gur tugadh ar ais an phacáistíocht i gcomhréir le rialacha rialachais an chórais athúsáide shonraigh, ionas go n-aisíocfar aon éarlais ghaolmhar, de réir mar a bheidh.

Airteagal 29 10

10.   Más rud é, i mbliain féilire ar leith, go bhfuil limistéar díolacháin nach mó ná 100 m2 ag dáileoir deiridh, beidh an dáileoir deiridh sin díolmhaithe ón oibleagáid na spriocanna a leagtar amach i mír 6 a bhaint amach sa bhliain féilire sin. Ar bhonn na ndála speisialta a bhíonn i gceist leis an dáileachán deiridh agus le roinnt earnálacha monaraíochta, fiú ar an leibhéal náisiúnta, tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 64, chun tairseach an limistéir díolacháin a leasú.

Airteagal 29 11

11.   Féadfaidh na Ballstáit dáileoirí deiridh a dhíolmhú ón oibleagáid na spriocanna a leagtar amach i mír 6 a bhaint amach má tá a limistéar díolacháin suite ar oileán ina bhfuil daonra níos lú ná 2000 áitritheoir.

Féadfaidh na Ballstáit dáileoirí deiridh a dhíolmhú ón oibleagáid na spriocanna a leagtar amach i mír 6 a bhaint amach má tá a limistéar díolacháin lonnaithe i mbardas ina bhfuil dlús daonra níos lú ná 54 dhuine/m2, ach beidh feidhm ag na spriocanna a leagtar amach i mír 6 maidir le dáileoirí deiridh ag a bhfuil limistéar díolacháin in ionaid daonra ina bhfuil níos mó ná 5 000 áitritheoir.

Má dhíolann dáileoir deiridh a díolmhaíodh de bhun na chéad fhomhíre táirgí dá dtagraítear i mír 6 i bpacáistíocht in-athúsáidte, socróidh sé go dtógfar an phacáistíocht sin ar ais i gcomhréir le mír 9. I gcás ina bhfuil níos mó ná limistéar díolacháin amháin ag an dáileoir deiridh a díolmhaíodh de bhun na chéad fhomhíre nó an dara fomhír, agus nach bhfuil ach limistéar amháin nó cuid de na limistéir sin lonnaithe ar oileán nó i mbardas den sórt sin, ní dhéanfar na deochanna ábhartha a chuirtear ar fáil ar chríoch Bhallstáit i limistéir díolacháin den sórt sin a ríomh chun na spriocanna a leagtar amach i mhír 6 a chomhlíonadh.

Airteagal 29 12

12.   Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt do dháileoirí deiridh comhthiomsuithe a fhoirmiú chun a n-oibleagáidí a leagtar amach i mír 6 a chomhlíonadh, ar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ní bheidh sna comhthiomsuithe sin níos mó ná 40 % de sciar an mhargaidh atá ag an gcatagóir dí ábhartha;

(b)

ní bheidh níos mó ná cúigear dáileoirí deiridh sna comhthiomsuithe; agus

(c)

ní chumhdóidh na comhthiomsuithe sin ach catagóirí deochanna a chuireann comhaltaí uile na gcomhthiomsuithe ar fáil ar chríoch Bhallstáit.

Níl coinníollacha faoi phointe (b) má oibríonn na dáileoirí deiridh faoin ainm branda céanna.

I gcás ina gceadóidh Ballstát do dháileoirí deiridh comhthiomsuithe a dhéanamh de bhun na chéad fhomhíre, cuirfidh gach comhthiomsú an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad ar fáil d’údarás inniúil an Bhallstáit:

(a)

na dáileoirí deiridh atá ar áireamh sa chomhthiomsú; agus

(b)

an dáileoir deiridh a ceapadh ina bhainisteoir comhthiomsaithe agus ina phointe teagmhála.

Féadfaidh na Ballstáit, a chur de cheangal go gcuirfí tuilleadh faisnéise ar fáil atá riachtanach chun na hoibleagáidí faoi mhír 6 a fhorfheidhmiú i gcomhar leis an mír seo.

Áiritheoidh dáileoirí deiridh go gcomhlíonfaidh a socruithe comhthiomsaithe Airteagail 101 agus 102 CFAE. Gan dochar d’infheidhmeacht ghinearálta rialacha iomaíochta an Aontais maidir leis na comhthiomsuithe sin, áiritheoidh na comhaltaí uile i gcomhthiomsú go háirithe nach bhféadfaidh comhroinnt sonraí ná malartú faisnéise, lena n-áirítear i dtaca le sonraí díolacháin ionchasacha, tarlú i gcomhthéacs a socruithe comhthiomsaithe, ach amháin i ndáil leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 30(2) den Rialachán seo.

Faoin 1 Eanáir 2028, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 64 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na coinníollacha mionsonraithe agus na ceanglais tuairiscithe a bheidh le cur i bhfeidhm maidir leis na socruithe comhthiomsaithe dá dtagraítear sa mhír seo, a bhunú agus a shonrú, agus cineál agus cainníocht na pacáistíochta a chuireann gach dáileoir deiridh ar an margadh gach bliain féilire agus an suíomh ina bhfuil na dáileoirí deiridh lonnaithe á gcur san áireamh.

Airteagal 29 13

13.   Beidh oibreoirí eacnamaíocha díolmhaithe ón oibleagáid na spriocanna a leagtar amach san Airteagal seo a bhaint amach ar feadh bliain féilire, más rud é le linn na bliana féilire sin:

(a)

nach ndearna siad níos mó ná 1 000 kg de phacáistíocht a chur ar fáil ar chríoch Bhallstáit; agus

(b)

go dtagann siad faoin sainmhíniú ar mhicrifhiontar mar a leagtar amach i Moladh 2003/361/CE, de réir mar is infheidhme an 11 Feabhra 2025.

Ar bhonn na ndála speisialta a bhaineann leis an dáileadh deiridh agus le roinnt earnálacha monaraíochta, lena n-áirítear ar an leibhéal náisiúnta, tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 64, chun an tairseach a leagtar amach i bpointe (a) den mhír seo a leasú.

Airteagal 29 14

14.   Féadfaidh na Ballstáit oibreoirí eacnamaíocha a dhíolmhú ó na hoibleagáidí faoin Airteagal seo ar feadh tréimhse 5 bliana faoi na coinníollacha seo a leanas:

(a)

sroichfidh an Ballstát díolmhaitheach cúig phointe céatadáin os cionn na spriocanna maidir le dramhaíl ó phacáistíocht a athchúrsáil in aghaidh an ábhair atá le baint amach faoi 2025 agus meastar go mbainfidh sé cúig phointe céatadáin os cionn sprioc 2030 amach de réir na tuarascála a d’fhoilsigh an Coimisiún 3 bliana roimh an dáta sin;

(b)

tá an Ballstát díolmhaitheach ar an mbóthar ceart chun na spriocanna ábhartha maidir le dramhaíl a chosc a leagtar amach in Airteagal 43 a bhaint amach agus is féidir leis a léiriú go bhfuil laghdú 3 % ar a laghad ar an dramhaíl ó phacáistíocht per capita faoi 2028 i gcomparáid leis an dramhaíl ó phacáistíocht a gineadh per capita in 2018; agus

(c)

tá plean maidir le dramhaíl chorparáideach a chosc agus a athchúrsáil glactha ag na hoibreoirí eacnamaíocha, plean a chuidíonn chun na cuspóirí maidir le dramhaíl a chosc agus a athchúrsáil a leagtar amach in Airteagail 43 agus 52 faoi seach a bhaint amach.

Féadfaidh an Ballstát an tréimhse 5 bliana sin a athnuachan ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha go léir.

Airteagal 29 15

15.   Faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 51, féadfaidh na Ballstáit spriocanna a leagan síos d’oibreoirí eacnamaíocha, spriocanna a sháraíonn na cinn íosta a leagtar amach i míreanna 1, 2, 3, 5 agus 6 den Airteagal seo sa mhéid go bhfuil spriocanna breise den sórt sin riachtanach chun go ndéanfaidh an Ballstát ceann amháin nó níos mó de na spriocanna a leagtar amach in Airteagal 43 a bhaint amach.

Airteagal 29 16

16.   Faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 51, féadfaidh na Ballstáit spriocanna a leagan síos d’oibreoirí eacnamaíocha maidir leis na deochanna a chuirtear ar fáil i bpacáistíocht díolacháin nach dtagann faoi mhír 6 den Airteagal seo má tá na spriocanna breise sin riachtanach chun go ndéanfaidh an Ballstát ceann amháin nó níos mó de na spriocanna a leagtar amach in Airteagal 43 a bhaint amach.

Airteagal 29 17

17.   Ríomhfar spriocanna a leagtar síos san Airteagal seo nó dá bhun do thréimhse a mhairfidh bliain féilire.

Airteagal 29 18

18.   Chun na sonraí agus na forbairtí eolaíocha agus eacnamaíocha is déanaí a chur san áireamh, tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 64, chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na nithe seo a leanas a bhunú:

(a)

díolúintí d’oibreoirí eacnamaíocha sa bhreis ar na cinn dá bhforáiltear san Airteagal seo, mar thoradh ar shrianta eacnamaíocha ar leith in earnáil áirithe a bhaineann le comhlíonadh na spriocanna a leagtar síos i míreanna 1, 2, 3, 5 agus 6 den Airteagal seo;

(b)

díolúintí maidir le formáidí pacáistíochta sonracha a chumhdaítear leis na spriocanna a leagtar amach i míreanna 1 2, 3, 5 agus 6 den Airteagal seo i gcás ina gcuireann saincheisteanna sláinteachais agus sábháilteachta bia cosc ar bhaint amach na spriocanna sin;

(c)

díolúintí maidir le formáidí pacáistíochta sonracha a chumhdaítear leis na spriocanna a leagtar amach i míreanna 1, 2, 3, 5 agus 6 den Airteagal seo i gcás ina gcuireann saincheisteanna comhshaoil cosc ar bhaint amach na spriocanna sin.

Airteagal 29 19

19.   Faoin 1 Eanáir 2034, agus éabhlóid úrscothacht na teicneolaíochta agus an taithí phraiticiúil atá faighte ag oibreoirí eacnamaíocha agus ag na Ballstáit á gcur san áireamh, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil ina ndéanfar athbhreithniú ar chur chun feidhme spriocanna 2030 a leagtar amach san Airteagal seo. Sa tuarascáil sin, déanfaidh sé meastóireacht, lena n-áirítear ó thaobh an mheasúnaithe saolré ar phacáistíocht aon úsáide agus athúsáide, ar an méid seo a leanas:

(a)

a mhéid a tháinig réitigh as spriocanna 2030, ar réitigh iad lena gcothaítear pacáistíocht inbhuanaithe agus atá éifeachtach agus éasca le cur chun feidhme,

(b)

a indéanta atá sé na spriocanna a leagadh síos do 2040 a bhaint amach ar bhonn na taithí a fuarthas maidir le spriocanna 2030 a bhaint amach agus ar bhonn na n-imthosca atá ag teacht chun cinn,

(c)

a ábhartha atá sé na díolúintí agus na maoluithe a leagtar amach san Airteagal seo a choinneáil ar bun, agus

(d)

a riachtanaí nó a ábhartha atá sé spriocanna nua a leagan síos maidir le catagóirí pacáistíochta eile a athúsáid agus a athlíonadh.

Beidh measúnú tionchair ar fhostaíocht san áireamh sa tuarascáil ón gCoimisiún. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil, i gcás inarb iomchuí, lena leasófar an tAirteagal seo, go háirithe spriocanna 2040. Faoi mhí na Nollag 2032, cuirfidh na Ballstáit sonraí ar fáil don Choimisiún maidir leis an measúnú tionchair ar fhostaíocht a bhaineann le cur chun feidhme na spriocanna athúsáide ina gcríocha náisiúnta. Sula gcuirfidh na Ballstáit na sonraí faoi bhráid an Choimisiúin, cuirfidh siad ar an eolas agus rachaidh siad i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta náisiúnta a dhéanann ionadaíocht d'oibrithe agus d'fhostóirí sna hearnálacha a chumhdaítear le spriocanna athúsáide pacáistíochta.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0040
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.