14. Féadfaidh na Ballstáit oibreoirí eacnamaíocha a dhíolmhú ó na hoibleagáidí faoin Airteagal seo ar feadh tréimhse 5 bliana faoi na coinníollacha seo a leanas:
|
(a)
|
sroichfidh an Ballstát díolmhaitheach cúig phointe céatadáin os cionn na spriocanna maidir le dramhaíl ó phacáistíocht a athchúrsáil in aghaidh an ábhair atá le baint amach faoi 2025 agus meastar go mbainfidh sé cúig phointe céatadáin os cionn sprioc 2030 amach de réir na tuarascála a d’fhoilsigh an Coimisiún 3 bliana roimh an dáta sin;
|
|
(b)
|
tá an Ballstát díolmhaitheach ar an mbóthar ceart chun na spriocanna ábhartha maidir le dramhaíl a chosc a leagtar amach in Airteagal 43 a bhaint amach agus is féidir leis a léiriú go bhfuil laghdú 3 % ar a laghad ar an dramhaíl ó phacáistíocht per capita faoi 2028 i gcomparáid leis an dramhaíl ó phacáistíocht a gineadh per capita in 2018; agus
|
|
(c)
|
tá plean maidir le dramhaíl chorparáideach a chosc agus a athchúrsáil glactha ag na hoibreoirí eacnamaíocha, plean a chuidíonn chun na cuspóirí maidir le dramhaíl a chosc agus a athchúrsáil a leagtar amach in Airteagail 43 agus 52 faoi seach a bhaint amach.
|
Féadfaidh an Ballstát an tréimhse 5 bliana sin a athnuachan ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha go léir.