+Airteagal 44 Clár na dtáirgeoirí
---+Airteagal 44 1
---+Airteagal 44 2
---+Airteagal 44 3
---+Airteagal 44 4
---+Airteagal 44 5
---+Airteagal 44 6
---+Airteagal 44 7
---+Airteagal 44 8
---+Airteagal 44 9
---+Airteagal 44 10
---+Airteagal 44 11
---+Airteagal 44 12
---+Airteagal 44 13
---+Airteagal 44 14

Airteagal 44 Clár na dtáirgeoirí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 44 1

1.   Déanfaidh gach Ballstát, laistigh de 18 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an chéad ghnímh chur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 14, clár náisiúnta a bhunú a úsáidfear chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach sa Chaibidil seo ag táirgeoirí.

Soláthrófar le gach clár náisiúnta naisc chuig suíomhanna gréasáin de chláir náisiúnta táirgeoirí eile chun gur fusa táirgeoirí nó ionadaithe údaraithe maidir le freagracht leathnaithe táirgeoirí a chlárú.

Airteagal 44 2

2.   Beidh sé d’oibleagáid ar tháirgeoirí clárú sa chlár dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i ngach Ballstát ina gcuireann siad pacáistíocht nó táirgí pacáistithe ar fáil ar chríoch an Bhallstáit den chéad uair, nó ina ndíphacálann siad táirgí pacáistithe gan bheith ina n-úsáideoirí deiridh, trí iarratas ar chlárú a chur faoi bhráid an údaráis inniúil atá freagrach as clár gach ceann de na Ballstáit sin. I gcás ina mbeidh táirgeoir tar éis dul ar iontaoibh eagraíochta um fhreagracht táirgeoirí chun na hoibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora a chur i gcrích thar a cheann de bhun Airteagal 46(1), comhlíonfaidh an eagraíocht sin na hoibleagáidí a leagtar amach san Airteagal seo, mura sonraíonn an Ballstát ina mbunaítear an clár a mhalairt.

Airteagal 44 3

3.   Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go bhféadfaidh ionadaí údaraithe maidir leis an bhfreagracht leathnaithe táirgeora, triar bhonn sainordú i scríbhinn, na hoibleagáidí a leagtar amach san Airteagal seo a chomhlíonadh thar ceann na dtáirgeoirí.

Airteagal 44 4

4.   Ní chuirfidh táirgeoirí pacáistíocht ná táirgí pacáistithe ar fáil ar chríoch Bhallstáit den chéad uair, ná ní dhéanfaidh siad táirgí pacáistithe a dhíphacáil gan bheith ina n-úsáideoirí deiridh, mura bhfuil siad, nó, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le hAirteagal 45, mura bhfuil a n-ionadaithe atá údaraithe maidir leis an bhfreagracht leathnaithe táirgeora, cláraithe sa Bhallstát sin.

Airteagal 44 5

5.   Áireofar leis an iarratas ar chlárú an fhaisnéis atá le soláthar i gcomhréir le Cuid A d’Iarscríbhinn IX. Féadfaidh Ballstát a iarraidh ar tháirgeoirí tuilleadh faisnéise nó tuilleadh doiciméad a sholáthar má theastaíonn an fhaisnéis nó na doiciméid sin chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo agus na rialacha arna nglacadh ag an Ballstát sin de bhun Airteagal 40(2), agus chun a áirithiú go ndéanfar an comhlíonadh sin.

Airteagal 44 6

6.   I gcás ina ndéanann ionadaí údaraithe maidir leis an bhfreagracht leathnaithe táirgeora ionadaíocht thar ceann breis agus táirgeoir amháin, i dteannta na faisnéise atá le soláthar de bhun mhír 5, soláthróidh sé ainm agus sonraí teagmhála gach ceann de na táirgeoirí á ndéanann sí ionadaíocht, ar leithligh.

Airteagal 44 7

7.   Déanfaidh an táirgeoir nó, i gcás inarb infheidhme, ionadaí údaraithe maidir leis an bhfreagracht leathnaithe tairgeora atá ag an táirgeoir nó an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí, mar a shonraítear sa dlí náisiúnta i gcomhréir le míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, an fhaisnéis a leagtar amach i gCuid B, pointe 1, d’Iarscríbhinn IX a chur faoi bhráid an údaráis inniúil atá freagrach as an gclár, faoin 1 Meitheamh le haghaidh gach bliana féilire iomláine roimhe sin.

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ndéanfaidh iniúchóirí neamhspleácha an fhaisnéis dá bhforáiltear de bhun na míre seo a iniúchadh agus a dheimhniú faoi mhaoirseacht na n-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 40 (1), ar bhonn caighdeán náisiúnta, más ann dóibh.

Airteagal 44 8

8.   I gcás ina bhfuil cainníocht pacáistíochta, lena n-áirítear pacáistíocht táirgí pacáistithe, is lú ná 10 dtona curtha ar fáil ag táirgeoir den chéad uair ar chríoch an Bhallstáit le linn bliain féilire amháin, nó, i gcás ina ndearna táirgeoir mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (15)(e) cainníocht pacáistíochta is lú ná 10 dtona a dhíphacáil i rith bliain féilire amháin, déanfaidh an táirgeoir nó, i gcás inarb iomchuí, ionadaí údaraithe maidir leis an bhfreagracht leathnaithe tairgeora atá ag an táirgeoir nó an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí, mar a shonraítear sa dlí náisiúnta i gcomhréir le míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, déanfaidh siad an fhaisnéis a leagtar amach i gCuid B, pointe 2, d’Iarscríbhinn IX a chur faoi bhráid an údaráis inniúil atá freagrach as an gclár, faoin 1 Meitheamh, le haghaidh gach bliana féilire iomláine roimhe sin.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh Ballstát, le haghaidh bliain féilire shonrach, uastairseach a shocrú atá níos ísle ná an tairseach dá dtagraítear sa chéad fhomhír más rud é nach mbeadh sonraí cruinne leordhóthanacha ag an mBallstát murach sin chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

na hoibleagáidí tuairiscithe faoi Airteagal 56(1) agus (2) a chomhlíonadh sa bhliain féilire sin; agus

(b)

a áirithiú go bhfuil an bunachar sonraí faoi Airteagal 57 iomlán agus na sonraí faoi Airteagal 56(2), pointe (a) a sholáthar.

Airteagal 44 9

9.   Más gá, ar chúiseanna buiséadacha, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann a cheangal ar an táirgeoir an fhaisnéis a leagtar amach i gCuid B, pointí 1 agus 2, d’Iarscríbhinn IX a chur faoi bhráid an údaráis inniúil atá freagrach as an gclár faoin Airteagal seo ar bhonn ráithiúil.

Airteagal 44 10

10.   Déanfaidh táirgeoirí, i gcás ina mbeidh oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora á gcomhlíonadh ar bhonn aonair, nó an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí ar cuireadh na hoibleagáidí ar iontaoibh uirthi i gcás ina mbeidh oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora á gcomhlíonadh ar bhonn comhchoiteann, nó déanfaidh na hoibreoirí córais athúsáide, i gcás ina bhfuil na hoibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora á gcomhlíonadh ag na córais athúsáide, an fhaisnéis a leagtar amach i gCuid B, pointe 3, d’Iarscríbhinn IX a chur faoi bhráid an údaráis inniúil ar bhonn bliantúil le haghaidh gach bliana féilire roimhe sin.

Nuair atá údaráis phoiblí freagrach, faoin dlí náisiúnta, as bainistiú na dramhaíola ó phacáistíocht a eagrú, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go ndéanfaidh na húdaráis sin an fhaisnéis a leagtar amach i gCuid B, pointe 3, d’Iarscríbhinn IX a thíolacadh.

Airteagal 44 11

11.   An t-údarás inniúil atá freagrach as an gclár:

(a)

glacfaidh sé iarratais chun na táirgeoirí dá dtagraítear i mír 2 a chlárú trí chóras próiseála sonraí leictreonach a gcuirfear na sonraí díobh ar fáil ar shuíomh gréasáin an údaráis inniúil;

(b)

deonóidh sé clárúcháin agus soláthróidh sé uimhir chláraithe laistigh de 12 sheachtain ar a mhéad ón tráth a sholáthraítear an fhaisnéis uile a cheanglaítear faoi mhíreanna 5 agus 6;

(c)

féadfaidh sé módúlachtaí a leagan síos i leith cheanglais agus phróiseas an chlárúcháin gan ceanglais shubstainteacha a chur isteach sa bhreis ar na cinn a leagtar síos i míreanna 5 agus 6;

(d)

féadfaidh sé táillí a bheidh costasbhunaithe agus comhréireach a mhuirearú ar tháirgeoirí chun na hiarratais ar chlárú dá dtagraítear i mír 2 a phróiseáil;

(e)

gheobhaidh sé an fhaisnéis arna tíolacadh de bhun mhíreanna 7 agus 8 agus déanfaidh faireachán uirthi.

Airteagal 44 12

12.   Déanfaidh an táirgeoir, nó, i gcás inarb infheidhme, ionadaí údaraithe maidir leis an bhfreagracht leathnaithe táirgeora atá ag an táirgeoir nó an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí, an t-údarás inniúil a chur ar an eolas gan moill mhíchuí faoi aon athrú ar an bhfaisnéis sa chlárúchán agus maidir le haon scor buan i ndáil leis an bpacáistíocht nó an táirge pacáistithe, dá dtagraítear sa chlárúchán, a chur ar fáil den chéad uair ar chríoch an Bhallstáit. Déanfar táirgeoir a bhaint ón gclár 3 bliana ó dheireadh na bliana féilire a thiocfaidh deireadh le clárú an táirgeora murab ann don táirgeoir a thuilleadh mar tháirgeoir.

Airteagal 44 13

13.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain éasca ar liosta na dtáirgeoirí cláraithe, go mbeidh sé ar fáil go poiblí agus saor in aisce, gan dochar do chaomhnú rúndacht faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais agus leis an dlí ábhartha náisiúnta. Beidh liosta na dtáirgeoirí cláraithe inléite, insórtáilte agus inchuardaithe ag meaisín, agus urramófar leis caighdeáin oscailte don úsáid ag tríú páirtithe.

Airteagal 44 14

14.   Glacfaidh an Coimisiún, faoin 12 Feabhra 2026, gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear an fhormáid chun clárú, agus maidir le tuarascáil a dhéanamh, sa chlár agus lena sonraítear gráinneacht na sonraí le tuairisciú agus na cineálacha pacáistíochta agus catagóirí na n-ábhar atá le soláthar leis an bhfaisnéis arna tíolacadh.

An fhormáid chun faisnéis a thíolacadh den bhun an Airteagail seo idir-inoibritheach, beidh sí bunaithe ar chaighdeáin oscailte agus ar shonraí meaisín-inléite, agus beidh sí inaistrithe trí líonra malartaithe sonraí idir-inoibritheach gan gaibhniú díoltóirí.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 65(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0040
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.