2. I dteannta na gcostas dá dtagraítear in Airteagal 8a(4), pointe (a), de Threoir 2008/98/CE, cumhdófar leis na ranníocaíochtaí airgeadais a íocfaidh an táirgeoir na costais seo a leanas:
|
(a)
|
na costais a bhaineann le gabhdáin dramhaíola a lipéadú chun dramhaíl ó phacáistíocht mar a thagraítear di in Airteagal 13 den Rialachán seo a bhailiú; agus
|
|
(b)
|
na costais a bhaineann le suirbhéanna comhdhéanaimh a dhéanamh ar dhramhaíl mheasctha chathrach arna bailiú faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/595 (74) ón gCoimisiún agus faoi na gníomhartha cur chun feidhme atá le glacadh de bhun Airteagal 56(7), pointe (a) den Rialachán seo i gcás ina bhforáiltear leis na gníomhartha cur chun feidhme sin d’oibleagáid suirbhéanna mar sin a dhéanamh.
|
Bunófar na costais a bheidh le cumhdach ar bhealach trédhearcach comhréireach neamh-idirdhealaitheach agus éifeachtúil.