+Airteagal 45 Freagracht leathnaithe táirgeora
---+Airteagal 45 1
---+Airteagal 45 2
---+Airteagal 45 3
---+Airteagal 45 4
---+Airteagal 45 5
---+Airteagal 45 6
---+Airteagal 45 7
---+Airteagal 45 8
---+Airteagal 45 9

Airteagal 45 Freagracht leathnaithe táirgeora

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 45 1

1.   Beidh freagracht leathnaithe táirgeora ar tháirgeoirí as an bpacáistíocht, lena n’áiritear pacáistíocht táirgí pacáistithe, a chuireann siad ar fáil den chéad uair ar chríoch Bhallstáit, faoi na scéimeanna a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 8a de Threoir 2008/98/CE agus leis an Roinn seo, nó a dhéanann siad a dhíphacáil gan bheith ina n-úsáideoirí deiridh.

Airteagal 45 2

2.   I dteannta na gcostas dá dtagraítear in Airteagal 8a(4), pointe (a), de Threoir 2008/98/CE, cumhdófar leis na ranníocaíochtaí airgeadais a íocfaidh an táirgeoir na costais seo a leanas:

(a)

na costais a bhaineann le gabhdáin dramhaíola a lipéadú chun dramhaíl ó phacáistíocht mar a thagraítear di in Airteagal 13 den Rialachán seo a bhailiú; agus

(b)

na costais a bhaineann le suirbhéanna comhdhéanaimh a dhéanamh ar dhramhaíl mheasctha chathrach arna bailiú faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/595 (74) ón gCoimisiún agus faoi na gníomhartha cur chun feidhme atá le glacadh de bhun Airteagal 56(7), pointe (a) den Rialachán seo i gcás ina bhforáiltear leis na gníomhartha cur chun feidhme sin d’oibleagáid suirbhéanna mar sin a dhéanamh.

Bunófar na costais a bheidh le cumhdach ar bhealach trédhearcach comhréireach neamh-idirdhealaitheach agus éifeachtúil.

Airteagal 45 3

3.   Ceapfaidh táirgeoir dá dtagraítear in airteagal 3(1), pointe (15)(c) agus (d), trí shainordú i scríbhinn, ionadaí údaraithe maidir leis an bhfreagracht leathnaithe táirgeora i ngach Ballstát ina gcuireann táirgeoir pacáistíocht nó táirgí pacáistithe ar fáil den chéad uair, seachas sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe,. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go gceapfaidh táirgeoirí atá bunaithe i dtríú tíortha, trí shainordú i scríbhinn, ionadaí údaraithe maidir leis an bhfreagracht leathnaithe táirgeora agus pacáistíocht nó táirgí pacáistithe á gcur ar fáil ar a gcríoch den chéad uair.

Airteagal 45 4

4.   Chun Airteagal 30(1), pointí (d) agus (e), de Rialachán (AE) 2022/2065 a chomhlíonadh, gheobhaidh soláthraithe ardán ar líne, a thagann faoi raon feidhme Roinn 4 de Chaibidil III den Rialachán sin agus a cheadaítear do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le táirgeoirí, an fhaisnéis seo a leanas ó tháirgeoirí a thairgeann pacáistíocht nó táirgí pacáistithe do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas sula gceadóidh siad do na táirgeoirí sin a gcuid seirbhísí a úsáid:

(a)

faisnéis maidir le clárú na dtáirgeoirí dá dtagraítear in Airteagal 44 den Rialachán seo sa Bhallstát ina bhfuil an tomhaltóir agus cláruimhreacha na dtáirgeoirí atá sa chlár sin;

(b)

féindeimhniú ón táirgeoir lena ndearbhaítear nach dtairgeann sé ach pacáistíocht a chomhlíonann na ceanglais maidir le freagracht leathnaithe táirgeora dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo sa Bhallstát ina bhfuil an tomhaltóir suite.

I gcás ina ndíolann táirgeoir a tháirgí trí mhargadh ar líne, féadfaidh soláthraí an ardáin ar líne, triar bhonn sainordú i scríbhinn, na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo a chomhlíonadh, thar ceann táirgeoirí arna gceapadh.

Airteagal 45 5

5.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go mbeidh feidhm maidir le fíorú na faisnéise dá dtagraítear i mír 4, pointí (a) agus (b) ag réiteach uathoibríoch sonraí leis an gclár náisiúnta i gcás ina ndhéanfar foráil dó sin sa Bhallstát sin.

Airteagal 45 6

6.   Tar éis dó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 a fháil agus sula gceadaítear do tháirgeoirí a sheirbhísí a úsáid, déanfaidh soláthraí an ardáin ar líne a dhícheall a mheas an iomlán iontaofa an fhaisnéis a fhaightear.

Airteagal 45 7

7.   Táirgeoirí a thairgeann pacáistíocht nó táirgí pacáistithe do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas, soláthróidh siad do sholáthraithe seirbhíse comhlíonta an fhaisnéis dá dtagraítear in i mír 4, pointí (a) agus (b), den Airteagal seo, tráth a thugtar an conradh i gcrích idir an soláthraí seirbhíse comhlíonta agus an táirgeoir le haghaidh aon cheann de na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (11), de Rialachán (AE) 2019/1020.

Airteagal 45 8

8.   Ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo a fháil agus tráth a thugtar an conradh i gcrích idir an soláthraí seirbhíse comhlíonta agus an táirgeoir maidir le haon cheann de na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (11), de Rialachán (AE) 2019/1020, déanfaidh an soláthraí seirbhíse comhlíonta, trí úsáid a bhaint as aon bhunachar sonraí oifigiúil ar líne a bhfuil rochtain saor in aisce air nó comhéadan ar líne a chuireann Ballstát nó an tAontas ar fáil nó trí bhíthin an liosta clárúcháin atá ar fáil go poiblí faoi Airteagal 44(13) den Rialachán seo nó iarrataí ar an táirgeoir doiciméid tacaíochta ó fhoinsí iontaofa a sholáthar, a sheandícheall a mheas an bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo iontaofa agus iomlán. Chun críocha an Rialacháin seo, beidh táirgeoirí freagrach as cruinneas na faisnéise a chuirfear ar fáil.

I gcás ina bhfaighidh an soláthraí seirbhíse comhlíonta tásca leordhóthanacha nó ina bhfuil cúis aige lena chreidiúint go bhfuil aon mhír faisnéise dá dtagraítear i mír 7 a fuarthas ón táirgeoir lena mbaineann míchruinn, neamhiomlán nó gan bheith cothrom le dáta, iarrfaidh an soláthraí seirbhíse comhlíonta sin go leigheasfadh an táirgeoir an staid sin gan mhoill nó laistigh den tréimhse arna socrú le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, de réir mar is infheidhme.

I gcás ina mainníonn an táirgeoir an fhaisnéis sin a cheartú nó a chomhlánú, cuirfidh soláthraí seirbhíse comhlíonta soláthar a sheirbhíse don táirgeoir sin ar fionraí go pras i ndáil leis an bpacáistíocht nó leis na táirgí pacáistithe a thairgtear do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas go dtí go gcomhlíonfar go hiomlán an iarraidh sin. Cuirfidh an soláthraí seirbhíse comhlíonta na cúiseanna leis an bhfionraí ar fáil don táirgeoir.

Airteagal 45 9

9.   Gan dochar d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (75), i gcás ina gcuireann soláthraí seirbhíse comhlíonta soláthar a sheirbhíse ar fionraí de bhun mhír 8 den Airteagal seo, beidh sé de cheart ag an táirgeoir lena mbaineann agóid a dhéanamh i gcoinne chinneadh an tsoláthraí seirbhíse comhlíonta os comhair cúirte i mBallstát ina bhfuil an soláthraí seirbhíse comhlíonta bunaithe.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0040
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.