+Airteagal 52 Spriocanna athchúrsála agus athchúrsáil a chur chun cinn
---+Airteagal 52 1
---+Airteagal 52 2
---+Airteagal 52 3
---+Airteagal 52 4
---+Airteagal 52 5
---+Airteagal 52 6

Airteagal 52 Spriocanna athchúrsála agus athchúrsáil a chur chun cinn

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 52 1

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun na spriocanna athchúrsála seo a leanas a chomhlíonadh lena gcumhdaítear a gcríoch iomlán:

(a)

faoin 31 Nollaig 2025, íosmhéid 65 % de réir mheáchan gach dramhaíola ó phacáistíocht a ghintear;

(b)

faoin 31 Nollaig 2025, na híoschéatadáin seo a leanas de réir meáchain de na hábhair shonracha seo a leanas i ndramhaíl ó phacáistíocht a ghintear:

(i)

50 % de phlaisteach;

(ii)

25 % d’adhmad;

(iii)

70 % de mhiotail fheiriúla;

(iv)

50 % d’alúmanam;

(v)

70 % de ghloine;

(vi)

75 % de pháipéar agus cairtchlár;

(c)

faoin 31 Nollaig 2030, íosmhéid 70 % de réir mheáchan gach dramhaíola ó phacáistíocht a ghintear;

(d)

faoin 31 Nollaig 2030, na híoschéatadáin seo a leanas de réir meáchain de na hábhair shonracha seo a leanas i ndramhaíl ó phacáistíocht a ghintear:

(i)

55 % de phlaisteach;

(ii)

30 % d’adhmad;

(iii)

80 % de mhiotail fheiriúla;

(iv)

60 % d’alúmanam;

(v)

75 % de ghloine;

(vi)

85 % de pháipéar agus cairtchlár.

Airteagal 52 2

2.   Gan dochar do mhír 1, pointí (a) agus (c), féadfaidh Ballstát na sprioc-amanna a leagtar amach i mír 1, pointí (b) agus (d), a chur siar suas le 5 bliana, faoi na coinníollacha seo a leanas:

(a)

níl an maolú ar na spriocanna sa tréimhse churtha siar teoranta do 15 phointe céatadáin ar a mhéad ó sprioc shingil nó arna roinnt idir dhá sprioc;

(b)

mar thoradh ar an maolú ar na spriocanna sa tréimhse churtha siar, ní laghdaítear an ráta athchúrsála maidir le sprioc shingil faoi bhun 30 %;

(c)

mar thoradh ar an maolú ar na spriocanna sa tréimhse churtha siar, ní laghdaítear an ráta athchúrsála maidir le sprioc shingil a leagtar amach i mír 1, pointí (b)(v) agus (vi) faoi bhun 60 %, agus ní laghdaítear an ráta athchúrsála maidir le sprioc shingil a leagtar amach i mír 1, pointí (d)(v) agus (vi) faoi bhun 70 %; agus

(d)

24 mhí ar a dhéanaí roimh an spriocdháta faoi seach a leagtar síos i mír 1, pointí (b) agus (d), den Airteagal seo, tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún go bhfuil sé beartaithe aige an spriocdháta a chur siar agus déanfaidh sé plean cur chun feidhme a thíolacadh don Choimisiún i gcomhréir le hIarscríbhinn XI a ghabhann leis an Rialachán seo, a fhéadfar a chomhcheangal le plean cur chun feidhme arna chur isteach de bhun Airteagal 11(3), pointe (b) de Threoir 2008/98/CE.

Airteagal 52 3

3.   I gcás ina n-iarrann Ballstát an spriocdháta a leagtar síos i mír 1, pointe (d), den Airteagal seo a chur siar, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de 3 mhí tar éis dó an plean cur chun feidhme arna thíolacadh de bhun mhír 2, pointe (d), den Airteagal seo a fháil, a iarraidh ar an mBallstát athbhreithniú a dhéanamh ar an bplean má mheasann an Coimisiún nach gcomhlíonann an plean na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn XI. Déanfaidh an Ballstát plean cur chun feidhme athbhreithnithe a thíolacadh laistigh de 3 mhí tar éis dó an iarraidh ón gCoimisiún a fháil. Má mheasann an Coimisiún nach gcomhlíonann an plean cur chun feidhme athbhreithnithe fós na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn XI, agus nach dócha go mbeidh an Ballstát in ann na spriocanna a bhaint amach laistigh den tréimhse churtha siar de bhun mhír 2 den Airteagal seo, diúltóidh an Coimisiún don phlean cur chun feidhme agus beidh sé d’oibleagáid ar na Ballstáit na spriocanna a chomhlíonadh laistigh de na sprioc-amanna a leagtar síos i mír 1, pointí (d), den Airteagal seo.

Airteagal 52 4

4.   Faoin 12 Feabhra 2032, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na spriocanna a leagtar síos i mír 1, pointí (c) agus (d), d’fhonn iad a mhéadú nó spriocanna breise a leagan amach. Chun na críche sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, lena ngabhfaidh, i gcás inarb iomchuí dar leis an gCoimisiún, togra reachtach.

Airteagal 52 5

5.   I gcás inarb iomchuí, spreagfaidh na Ballstáit úsáid ábhar a fhaightear ó dhramhaíl athchúrsáilte ó phacáistíocht chun pacáistíocht agus táirgí eile a mhonarú tríd an méid seo a leanas:

(a)

dálaí an mhargaidh a fheabhsú le haghaidh na n-ábhar sin;

(b)

athbhreithniú a dhéanamh ar rialacha reatha lena gcoisctear úsáid na n-ábhar sin.

Airteagal 52 6

6.   Fad a chloíonn Ballstát leis na rialacha ginearálta a leagtar síos in CFAE agus é ag comhlíonadh an Rialacháin seo, féadfaidh sé forálacha a théann níos faide ná na spriocanna íosta a leagtar amach san Airteagal seo a ghlacadh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0040
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.