5. Chun críocha mhír 3, déanfar meáchan na dramhaíola ó phacáistíocht atá athchúrsáilte a thomhas nuair a rachaidh an dramhaíl isteach san oibríocht athchúrsála.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, féadfar meáchan na dramhaíola ó phacáistíocht atá athchúrsáilte a thomhas ag aschur aon oibríochta sórtála ar choinníoll:
|
(a)
|
go ndéanfar an dramhaíl aschuir sin a athchúrsáil ina dhiaidh sin;
|
|
(b)
|
nach ndéanfar meáchan na n-ábhar nó na substaintí a bhaintear aisti trí oibríochtaí breise roimh an oibríocht athchúrsála, agus nach ndéanfar a athchúrsáil ina dhiaidh sin, a áireamh i meáchan na dramhaíola a dhéanfar a thuairisciú mar dhramhaíl athchúrsáilte.
|