+Airteagal 53 Rialacha maidir le baint amach na spriocanna athchúrsála a ríomh
---+Airteagal 53 1
---+Airteagal 53 2
---+Airteagal 53 3
---+Airteagal 53 4
---+Airteagal 53 5
---+Airteagal 53 6
---+Airteagal 53 7
---+Airteagal 53 8
---+Airteagal 53 9
---+Airteagal 53 10
---+Airteagal 53 11

Airteagal 53 Rialacha maidir le baint amach na spriocanna athchúrsála a ríomh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 53 1

1.   Déanfar an ríomh chun a chinneadh ar baineadh amach na spriocanna a leagtar síos in Airteagal 52(1) i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos san Airteagal seo.

Airteagal 53 2

2.   Déanfaidh na Ballstáit meáchan na dramhaíola ó phacáistíocht atá ginte i mbliain féilire ar leith a ríomh. Déanfar ríomh uileghabhálach ar an dramhaíl ó phacáistíocht i mBallstát.

Beidh an mhodheolaíocht chun an dramhaíl ó phacáistíocht a ghintear a ríomh bunaithe ar na cuir chuige seo a leanas:

(a)

an phacáistíocht a chuirtear ar fáil ar an margadh i gcríoch Ballstáit, nó a dhéanann táirgeoir a dhíphacáil gan bheith ina úsáideoir deiridh, an bhliain shonrach sin; nó

(b)

an méid dramhaíola ó phacáistíocht a ghintear an bhliain chéanna sa Bhallstát sin.

Déanfar ríomhanna arna ndéanamh faoin mír seo a choigeartú chun inchomparáideacht, iontaofacht agus uileghabhálacht na dtorthaí a áirithiú i gcomhréir leis na ceanglais agus na fíoruithe atá le bunú leis an ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 56(7), pointe (a).

Airteagal 53 3

3.   Déanfaidh na Ballstáit meáchan na dramhaíola ó phacáistíocht atá ginte agus athchúrsáilte i mbliain féilire ar leith a ríomh. Déanfar meáchan na dramhaíola ó phacáistíocht atá athchúrsáilte a ríomh mar mheáchan na pacáistíochta a tháinig chun bheith ina dramhaíl agus, tar éis í a chur faoin tseiceáil, faoin tsórtáil agus faoi na réamhoibríochtaí eile a bhfuil gá leo chun ábhair dhramhaíola nach ndírítear orthu leis an athphróiseáil iartheachtach a bhaint aisti agus chun athchúrsáil ardcháilíochta a áirithiú, go dtéann sí isteach san oibríocht athchúrsála ar dá réir a dhéantar ábhair dhramhaíola a athphróiseáil go hiarbhír ina dtáirgí, ina n-ábhair nó ina substaintí.

Airteagal 53 4

4.   Maidir le pacáistíocht ilchodach agus pacáistíocht eile atá comhdhéanta as níos mó ná ábhar amháin déanfar ríomh agus tuairisciú in aghaidh an ábhair atá sa phacáistíocht. Féadfaidh Ballstáit maolú ar an gceanglas sin i gcás ina bhfuil ábhar áirithe ina chuid neamhshuntasach den aonad pacáistíochta, agus nach mó ná 5 % den aonad pacáistíochta é in aon chás.

Airteagal 53 5

5.   Chun críocha mhír 3, déanfar meáchan na dramhaíola ó phacáistíocht atá athchúrsáilte a thomhas nuair a rachaidh an dramhaíl isteach san oibríocht athchúrsála.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, féadfar meáchan na dramhaíola ó phacáistíocht atá athchúrsáilte a thomhas ag aschur aon oibríochta sórtála ar choinníoll:

(a)

go ndéanfar an dramhaíl aschuir sin a athchúrsáil ina dhiaidh sin;

(b)

nach ndéanfar meáchan na n-ábhar nó na substaintí a bhaintear aisti trí oibríochtaí breise roimh an oibríocht athchúrsála, agus nach ndéanfar a athchúrsáil ina dhiaidh sin, a áireamh i meáchan na dramhaíola a dhéanfar a thuairisciú mar dhramhaíl athchúrsáilte.

Airteagal 53 6

6.   Bunóidh na Ballstáit córas éifeachtach um rialú cáilíochta agus inrianaitheacht dramhaíola ó phacáistíocht chun a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 2 go 5 den Airteagal seo. Féadfaidh an córas sin a bheith comhdhéanta de chláir leictreonacha arna mbunú de bhun Airteagal 35(4) de Threoir 2008/98/CE nó sonraíochtaí teicniúla maidir le ceanglais cháilíochta na dramhaíola sórtáilte. Féadfaidh sé bheith comhdhéanta freisin de mheánrátaí caillteanais le haghaidh dramhaíl shórtáilte maidir le cineálacha éagsúla dramhaíola agus cleachtais bhainistithe dramhaíola faoi seach, ar choinníoll nach féidir sonraí iontaofa a fháil ar dhóigh eile. Déanfar na meánrátaí caillteanais a ríomh ar bhonn na rialacha ríofa arna mbunú sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 11a(10) de Threoir 2008/98/CE.

Airteagal 53 7

7.   Féadfar an méid dramhaíola ó phacáistíocht in-bhithdhíghrádaithe a théann isteach sa chóireáil aeróbach nó anaeróbach a áireamh mar phacáistíocht athchúrsáilte i gcás ina ngineann an chóireáil sin muirín, díleáiteán nó aschur eile ar comhionann cion an ábhair athchúrsáilte san aschur agus san ionchur, agus ina n-úsáidfear é mar tháirge athchúrsáilte, mar ábhar athchúrsáilte nó mar shubstaint athchúrsáilte. I gcás ina mbainfear úsáid as an aschur ar thalamh, fhéadfaidh na Ballstáit é a áireamh mar ní athchúrsáilte ar choinníoll gur ann do thairbhí don talmhaíocht mar thoradh ar an úsáid sin nó má thagann feabhas éiceolaíoch as an úsáid sin.

Airteagal 53 8

8.   Maidir leis an méid ábhar dramhaíola ó phacáistíocht nach dramhaíl a thuilleadh iad de thoradh ar oibríocht ullmhúcháin sula ndéantar é a athphróiseáil, féadfar iad a áireamh mar ábhar athchúrsáilte ar choinníoll go bhfuil na hábhair sin beartaithe lena n-athphróiseáil ina dtáirgí, ina n-ábhair nó ina substaintí ina dhiaidh sin, bíodh sé sin chun na gcríoch bunaidh nó chun críoch eile. Ní áireofar mar ábhair athchúrsáilte, áfach, ábhair nach dramhaíl a thuilleadh iad atá le húsáid mar bhreoslaí nó trí mhodhanna eile chun fuinneamh a ghiniúint, nó atá le loscadh, le haislíonadh nó le cur i líonadh talún.

Airteagal 53 9

9.   Féadfaidh Ballstáit athchúrsáil miotal a scartar tar éis loscadh na dramhaíola a chur san áireamh i gcomhréir leis an sciar den dramhaíl ó phacáistíocht a loisctear ar choinníoll go gcomhlíonann na miotail athchúrsáilte na critéir cháilíochta áirithe a leagtar síos i gCinneadh (AE) 2019/1004.

Airteagal 53 10

10.   Maidir le dramhaíl ó phacáistíocht a sheoltar chuig Ballstát eile chun críoch athchúrsála sa Bhallstát eile sin, ní áireofar í mar dhramhaíl athchúrsáilte ach ag an mBallstát inar bailíodh an dramhaíl sin ó phacáistíocht.

Airteagal 53 11

11.   Ní dhéanfar dramhaíl ó phacáistíocht arna honnmhairiú ón Aontas a ríomh mar dhramhaíl athchúrsáilte ag an mBallstát inar bailíodh í ach amháin, má chomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i mír 3 agus más amhlaidh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh 1013/2006 nó Rialachán (AE) 2024/1157, de réir mar is infheidhme, gur féidir leis an onnmhaireoir fianaise dhoiciméadach a sholáthar go gcomhlíonann seoladh na dramhaíola ceanglais an Rialacháin sin agus go ndearnadh athchúrsáil na dramhaíola ó phacáistíocht i dtríú tír faoi dhálaí atá comhionann leo siúd a fhorordaítear le dlí comhshaoil an Aontais is ábhartha.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0040
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.