1. Féadfaidh Ballstát a chinneadh leibhéal coigeartaithe a bhaint amach maidir leis na spriocanna a leagtar amach in Airteagal 52(1) i leith bliain ar leith trí aird a thabhairt ar mheánsciar na pacáistíochta díolacháin in-athúsáidte, i rith na 3 bliana roimhe sin, a cuireadh ar an margadh den chéad uair agus a athúsáideadh laistigh de chóras athúsáide.
Déanfar an leibhéal coigeartaithe a ríomh tríd an méid seo a leanas a dhealú:
|
(a)
|
as na spriocanna a leagtar síos in Airteagal 52(1), pointí (a) agus (c), an sciar den phacáistíocht díolacháin in-athúsáidte dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i ngach pacáistíocht díolacháin a chuirtear ar an margadh; agus
|
|
(b)
|
as na spriocanna a leagtar síos in Airteagal 52(1), pointí (b) agus (d), an sciar den phacáistíocht díolacháin in-athúsáidte dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, atá comhdhéanta as ábhar pacáistíochta faoi seach, i ngach pacáistíocht díolacháin atá comhdhéanta as an ábhar sin a chuirtear ar an margadh.
|
Tógfar cúig phointe céatadáin ar a mhéid den mheánsciar de phacáistíocht díolacháin in-athúsáidte san áireamh chun leibhéal coigeartaithe na spriocanna a ríomh.