+Airteagal 55 Faisnéis maidir le dramhaíl ó phacáistíocht a chosc agus a bhainistiú
---+Airteagal 55 1
---+Airteagal 55 2
---+Airteagal 55 3

Airteagal 55 Faisnéis maidir le dramhaíl ó phacáistíocht a chosc agus a bhainistiú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 55 1

1.   De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8a(2) de Threoir 2008/98/CE agus in Airteagal 12 den Rialachán seo, cuirfidh táirgeoirí nó, i gcás a gcur ar iontaoibh oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 46(1) den Rialachán seo, eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, nó údaráis phoiblí arna gceapadh ag na Ballstáit agus Airteagal 8a (2) de Threoir 2008/98/CE á chur i bhfeidhm acu, an fhaisnéis seo a leanas ar fáil d’úsáideoirí deiridh, tomhaltóirí go háirithe, maidir le dramhaíl ó phacáistíocht a chosc agus a bhainistiú i ndáil leis an bpacáistíocht a sholáthraíonn na táirgeoirí ar chríoch Bhallstáit:

(a)

ról úsáideoirí deiridh maidir le dramhaíl a chosc, lena n-áirítear aon dea-chleachtas;

(b)

socruithe athúsáide atá ar fáil le haghaidh pacáistíochta;

(c)

ról úsáideoirí deiridh chun cur le bailiúchán ar leithligh ábhar dramhaíola ó phacáistíocht, lena n-áirítear pacáistíocht a láimhseáil ina bhfuil táirgí nó dramhaíl ghuaiseach;

(d)

ciall na lipéad agus na siombailí a ghreamaítear, a phriontáiltear nó a ghreanaítear ar phacáistíocht i gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán seo nó atá sna doiciméid a ghabhann leis an táirge pacáistithe;

(e)

an tionchar a bhíonn ag diúscairt mhí-iomchuí dramhaíola ó phacáistíocht, mar shampla mar bhruscar nó i ndramhaíl mheasctha chathrach, ar an gcomhshaol agus ar shláinte nó sábháilteacht an duine, agus drochthionchar na pacáistíochta aon úsáide ar an gcomhshaol, málaí siopadóireachta plaisteacha go háirithe;

(f)

na hairíonna múirínithe agus na roghanna iomchuí bainistithe dramhaíola maidir le pacáistíocht inmhúirínithe, i gcomhréir le hAirteagal 9(2) den Rialachán seo; cuirfear tomhaltóirí ar an eolas nach bhfuil pacáistíocht inmhúirínithe oiriúnach le haghaidh múiríniú baile agus nár cheart pacáistíocht inmhúirínithe a dhiúscairt sa nádúr.

Beidh feidhm ag na hoibleagáidí faoin gcéad fhomhír, pointe (d), den mhír seo ón 12 Lúnasa 2028 nó ó dáta chur i bhfeidhm fhoráil ábhartha Airteagal 12, cibé acu is déanaí.

Airteagal 55 2

2.   Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 cothrom le dáta agus déanfar í a sholáthar trí bhíthin:

(a)

suíomh gréasáin nó modh eile cumarsáide leictreonaí;

(b)

faisnéis phoiblí;

(c)

cláir agus feachtais oideachais;

(d)

comharthaíocht i dteanga amháin nó níos mó is féidir le húsáideoirí deiridh agus tomhaltóirí a thuiscint go héasca.

Airteagal 55 3

3.   I gcás ina soláthrófar faisnéis go poiblí, caomhnófar an rúndacht maidir le faisnéis atá íogair ó thaobh tráchtála de i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais agus an dlí náisiúnta ábhartha.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0040
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.