+Airteagal 56 Tuairisciú don Choimisiún
---+Airteagal 56 1
---+Airteagal 56 2
---+Airteagal 56 3
---+Airteagal 56 4
---+Airteagal 56 5
---+Airteagal 56 6
---+Airteagal 56 7
---+Airteagal 56 8
|
Airteagal 56 Tuairisciú don Choimisiún
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 56 1
|
1. Cuirfidh na Ballstáit na sonraí seo a leanas faoi bhráid an Choimisiúin le haghaidh gach bliana féilire:
|
(a)
|
sonraí maidir le hAirteagal 52(1), pointí (a) go (d) a chur chun feidhme, agus sonraí de bhun Tábla 3 d’Iarscríbhinn XII maidir le pacáistíocht in-athúsáidte;
|
|
(b)
|
tomhaltas bliantúil málaí siopadóireachta plaisteacha an-éadrom, málaí siopadóireachta plaisteacha éadroma, málaí siopadóireachta plaisteacha tiubha agus málaí siopadóireachta plaisteacha an-tiubh per capita, ar leithligh le haghaidh gach catagóire mar a liostaítear i dTábla 4 d’Iarscríbhinn XII;
|
|
(c)
|
an ráta bailiúcháin ar leithligh do phacáistíocht dá dtagraítear i dTábla 5 d’Iarscríbhinn XII a chumhdaítear leis an oibleagáid córais aisíoctha éarlaise a chur ar bun a leagtar amach in Airteagal 50(2).
|
Féadfaidh na Ballstáit sonraí a sholáthar freisin maidir le tomhaltas bliantúil málaí iompair as ábhair eile.
|
|
Airteagal 56 2
|
2. Cuirfidh na Ballstáit na sonraí seo a leanas faoi bhráid an Choimisiúin le haghaidh gach bliana féilire:
|
(a)
|
na méideanna pacáistíochta a chuirtear ar fáil den chéad uair ar chríoch an Bhallstáit sin, nó na méideanna pacáistíochta a dhéanann táirgeoir a dhíphacáil gan bheith ina úsáideoir deiridh, in aghaidh gach catagóire pacáistíochta mar a liostaítear i dTábla 3 d’Iarscríbhinn XII;
|
|
(b)
|
na méideanna dramhaíola ó phacáistíocht a bhailítear le haghaidh gach ábhair pacáistíochta dá dtagraítear in Airteagal 52;
|
|
(c)
|
na méideanna dramhaíola ó phacáistíocht athchúrsáilte agus na rátaí athchúrsála le haghaidh gach catagóire pacáistíochta mar a liostaítear i dTábla 3 d’Iarscríbhinn XII.
|
|
|
Airteagal 56 3
|
3. Bainfidh an chéad tréimhse tuairiscithe leis an méid seo a leanas:
|
(a)
|
i ndáil leis na hoibleagáidí a leagtar síos i mír 1, pointí (a) agus (b), agus i mír 2, an dara bliain féilire iomlán tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme lena mbunaítear an fhormáid maidir le tuairisciú don Choimisiún, i gcomhréir le mír 7;
|
|
(b)
|
i ndáil leis an oibleagáid a leagtar síos i mír 1, pointe (c), an bhliain féilire 2028.
|
|
|
Airteagal 56 4
|
4. Tíolacfaidh na Ballstáit na sonraí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 go leictreonach laistigh de 19 mí ó dheireadh na bliana tuairiscithe a mbaileofar na sonraí ina leith san fhormáid arna leagan síos ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 7.
|
|
Airteagal 56 5
|
5. Beidh tuarascáil seiceála cáilíochta in éineacht leis na sonraí a thíolacfaidh na Ballstáit i gcomhréir leis an Airteagal seo. Déanfar an tuarascáil seiceála cáilíochta sin a chur i láthair san fhormáid arna bunú ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 7.
|
|
Airteagal 56 6
|
6. Beidh tuarascáil ar chur i bhfeidhm Airteagal 53(7) agus (11), lena n-áirítear faisnéis mhionsonraithe ar na meánrátaí caillteanais i gcás inarb infheidhme, agus áireofar leis na sonraí a thíolacfaidh na Ballstáit i gcomhréir leis an Airteagal seo.
|
|
Airteagal 56 7
|
7. Glacfaidh an Coimisiún faoin 12 Feabhra 2027, gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear:
|
(a)
|
rialacha maidir le sonraí a ríomh, a fhíorú agus a thíolacadh i gcomhréir le mír 1, pointí (a) agus (c), agus mír 2, lena n-áirítear an mhodheolaíocht lena gcinntear dramhaíl cainníocht na pacáistíochta a ghintear, agus an fhormáid chun na sonraí a thíolacadh;
|
|
(b)
|
an mhodheolaíocht lena ríomhfar tomhaltas bliantúil na málaí siopadóireachta plaisteacha éadroma per capita dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), agus an fhormáid chun na sonraí sin a thíolacadh;
|
|
(c)
|
an fachtóir ceartúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43(2) chun an méadú nó an laghdú ar thurasóireacht i ndáil leis an mbonnbhliain a chur san áireamh.
|
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 65(3).
|
|
Airteagal 56 8
|
8. Ceanglóidh na Ballstáit go ndéanfaidh oibreoirí córais le haghaidh córais athúsáide agus gach oibreoir eacnamaíoch a chuireann pacáistíocht ar fáil sna Ballstáit sonraí cruinne agus iontaofa a sholáthar do na húdaráis inniúla a ligeann do na Ballstáit a n-oibleagáidí tuairiscithe faoin Airteagal seo a chomhlíonadh, agus i gcás inarb ábhartha, na fadhbanna ar leith a bhíonn ag fiontair bheaga agus mheánmhéide maidir le soláthar sonraí cruinne á gcur san áireamh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0040
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|