+Airteagal 57 Bunachair sonraí maidir le pacáistíocht
---+Airteagal 57 1
---+Airteagal 57 2
---+Airteagal 57 3

Airteagal 57 Bunachair sonraí maidir le pacáistíocht

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 57 1

1.   Faoi 12 mhí ó dháta glactha na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 56(7), déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcuirfear bunachair sonraí ar bun maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht, i gcás nach bhfuil na bearta siúd ar bun cheana, ar bhonn comhchuibhithe, chun críocha a n-oibleagáidí tuairiscithe a leagtar síos in Airteagal 56 a chomhlíonadh.

Airteagal 57 2

2.   Áireofar an méid seo a leanas sna bunachair sonraí dá dtagraítear i mír 1:

(a)

faisnéis faoi mhéid, saintréithe agus forbairt na sreafaí pacáistíochta agus dramhaíola ó phacáistíocht ar leibhéal na mBallstát aonair;

(b)

na sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn XII.

Airteagal 57 3

3.   Beidh rochtain ag an bpobal i gcoitinne ar na bunachair shonraí maidir le pacáistíocht i bhformáid meaisín-inléite agus lenar féidir rochtain a fháil ar shonraí nuashonraithe maidir le tuairisciú agus costas bainistithe dramhaíola ó phacáistíocht agus lena n-áirithítear idir-inoibritheacht agus athúsáid sonraí. Soláthrófar iad i dteanga oifigiúil nó i dteanga oifigiúla an Bhallstáit lena mbaineann trí bhíthin na nithe seo a leanas:

(a)

suíomh gréasáin nó modhanna eile cumarsáide leictreonaí; nó

(b)

tuarascálacha poiblí.

Beidh na ceanglais dá dtagraítear sa chéad fhomhír gan dochar d’fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de nó do dhlíthe cosanta sonraí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0040
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.