3. Beidh rochtain ag an bpobal i gcoitinne ar na bunachair shonraí maidir le pacáistíocht i bhformáid meaisín-inléite agus lenar féidir rochtain a fháil ar shonraí nuashonraithe maidir le tuairisciú agus costas bainistithe dramhaíola ó phacáistíocht agus lena n-áirithítear idir-inoibritheacht agus athúsáid sonraí. Soláthrófar iad i dteanga oifigiúil nó i dteanga oifigiúla an Bhallstáit lena mbaineann trí bhíthin na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
suíomh gréasáin nó modhanna eile cumarsáide leictreonaí; nó
|
|
(b)
|
tuarascálacha poiblí.
|
Beidh na ceanglais dá dtagraítear sa chéad fhomhír gan dochar d’fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de nó do dhlíthe cosanta sonraí.