6. Déanfar an fhaisnéis atá le seoladh chuig an gCoimisiún agus na Ballstáit eile de bhun an Airteagail seo a chur in iúl tríd an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020 agus cuimseofar inti na sonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun an phacáistíocht neamhchomhlíontach, ionad tionscnaimh na pacáistíochta, cineál an neamhchomhlíonta líomhnaithe agus an baol a bhaineann leis, cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh agus na hargóintí a léirigh an t-oibreoir eacnamaíoch a shainaithint agus, i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 61(1) den Rialachán seo. Tabharfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh le fios más ceann acu seo a leanas is cúis leis an neamhchomhlíonadh:
|
(a)
|
nach gcomhlíonann an phacáistíocht na ceanglais inbhuanaitheachta a leagtar síos sa Rialachán seo nó de bhun an Rialacháin seo;
|
|
(b)
|
easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe nó sna sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagail 36 agus 37 den Rialachán seo.
|