+Airteagal 58 Nós imeachta chun déileáil le pacáistíocht a bhfuil riosca ag baint léi ar an leibhéal náisiúnta
---+Airteagal 58 1
---+Airteagal 58 2
---+Airteagal 58 3
---+Airteagal 58 4
---+Airteagal 58 5
---+Airteagal 58 6
---+Airteagal 58 7
---+Airteagal 58 8
---+Airteagal 58 9

Airteagal 58 Nós imeachta chun déileáil le pacáistíocht a bhfuil riosca ag baint léi ar an leibhéal náisiúnta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 58 1

1.   Gan dochar d’Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2019/1020, i gcás ina bhfuil cúis leormhaith ag údaráis um fhaireachas margaidh Ballstáit amháin chun a chreidiúint go mbaineann riosca don chomhshaol nó do shláinte an duine le pacáistíocht a chumhdaítear leis an Rialachán seo, déanfaidh siad, gan moill mhíchuí, meastóireacht i ndáil leis an bpacáistíocht lena mbaineann lena gcumhdófar gach ceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo atá ábhartha don riosca sin. De réir mar is gá, comhoibreoidh na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha leis na húdaráis um fhaireachas margaidh.

Chun críocha na chéad fomhíre, déanfaidh na húdaráis atá freagrach as forfheidhmiú an Rialacháin seo obair leantach maidir le gearáin nó tuarascálacha a bhaineann le neamhchomhlíonadh líomhnaithe na pacáistíochta leis an Rialachán seo, agus fíoróidh siad go ndearnadh an gníomh ceartaitheach iomchuí.

I gcás ina bhfaighidh na húdaráis um fhaireachas margaidh amach le linn na meastóireachta a dhéanfar de bhun na chéad fomhíre nach gcomhlíonann an phacáistíocht na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, ceanglóidh siad, gan mhoill, ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gníomhaíochtaí ceartaitheacha iomchuí agus comhréireacha a dhéanamh, laistigh de thréimhse arna forchur ag na húdaráis um fhaireachas margaidh atá réasúnta agus in-chomhthomhaiste le cineál agus, i gcás inarb ábhartha, le leibhéal an neamhchomhlíonta, chun go gcomhlíonfaidh an phacáistíocht na ceanglais sin.

Airteagal 58 2

2.   De mhaolú ar mhír 1, i gcás ina bhfuil baol ann do shláinte an duine a bhaineann le pacáistíocht atá íogair ó thaobh teagmhála de agus atá faoi réir dlí sonrach arb é is aidhm dó sláinte an duine a chosaint agus i gcás ina n-aistrítear an baol sin chuig ní pacáistithe an ábhair pacáistíochta, ní dhéanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh meastóireacht i ndáil leis an riosca do shláinte an duine nó do shláinte ainmhithe de thionscnamh an ábhair pacáistíochta. Ina ionad sin, cuirfidh na húdaráis um fhaireachas na húdaráis ar an eolas atá inniúil chun meastóireacht a dhéanamh ar bhaoil mar sin, eadhon na húdaráis inniúla dá dtagraítear i Rialacháin (AE) 2017/625, (AE) 2017/745, (AE) 2017/746 nó (AE) 2019/6 nó Treoir 2001/83/CE.

Airteagal 58 3

3.   I gcás ina measann na húdaráis um fhaireachas margaidh nach bhfuil an neamhchomhlíonadh teoranta dá gcríoch, cuirfidh siad an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi thorthaí na meastóireachta agus faoi na gníomhaíochtaí a d’éiligh siad ar an oibreoir eacnamaíoch a dhéanamh.

Airteagal 58 4

4.   Áiritheoidh an t-oibreoir eacnamaíoch go ndéanfar gach beart ceartaitheach iomchuí i dtaca leis an bpacáistíocht uile neamhchomhlíontach a chuir an t-oibreoir eacnamaíoch ar fáil ar an margadh ar fud an Aontais.

Airteagal 58 5

5.   I gcás nach ndéanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch bearta ceartaitheacha leormhaithe laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 1, an tríú fomhír, nó má leanann an neamhchomhlíonadh ar aghaidh, déanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh gach beart sealadach is iomchuí chun an phacáistíocht a thoirmeasc óna bheith ar fáil ina gcríoch, chun í a tharraingt siar nó chun í a aisghairm.

Cuirfidh na húdaráis um fhaireachas margaidh an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi na bearta sin gan mhoill.

Airteagal 58 6

6.   Déanfar an fhaisnéis atá le seoladh chuig an gCoimisiún agus na Ballstáit eile de bhun an Airteagail seo a chur in iúl tríd an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020 agus cuimseofar inti na sonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun an phacáistíocht neamhchomhlíontach, ionad tionscnaimh na pacáistíochta, cineál an neamhchomhlíonta líomhnaithe agus an baol a bhaineann leis, cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh agus na hargóintí a léirigh an t-oibreoir eacnamaíoch a shainaithint agus, i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 61(1) den Rialachán seo. Tabharfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh le fios más ceann acu seo a leanas is cúis leis an neamhchomhlíonadh:

(a)

nach gcomhlíonann an phacáistíocht na ceanglais inbhuanaitheachta a leagtar síos sa Rialachán seo nó de bhun an Rialacháin seo;

(b)

easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe nó sna sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagail 36 agus 37 den Rialachán seo.

Airteagal 58 7

7.   Déanfaidh na Ballstáit eile, nach an Ballstát a dhéanann na bearta de bhun mhír 5 iad, an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas gan mhoill faoi aon bhearta a glacadh agus faoi aon fhaisnéis bhreise a mbeidh fáil acu uirthi a bhaineann le neamhchomhlíonadh na pacáistíochta lena mbaineann, agus, i gcás ina ndéanfaidh an Ballstát sin agóid i gcoinne na mbeart arna nglacadh de bhun mhír 5 faoina n-agóidí.

Airteagal 58 8

8.   Más rud é, laistigh de 3 mhí tar éis dóibh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 5 nó 7 a fháil, nach bhfuil aon agóid maidir le bearta sealadacha a rinne Ballstát déanta ag Ballstát nó ag an gCoimisiún, measfar go bhfuil bonn cirt leis na bearta sin.

Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le tréimhse iarratais níos faide nó níos giorra le haghaidh bearta sealadacha do thréimhse níos faide nó níos giorra ná 3 mhí chun sainiúlachtaí na dtáirgí nó na gceanglas lena mbaineann a chur san áireamh.

Airteagal 58 9

9.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an phacáistíocht a tharraingt siar óna margadh nó go ndéanfar bearta sriantacha iomchuí eile gan mhoill i leith na pacáistíochta nó an mhonaróra lena mbaineann.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0040
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.