+Airteagal 60 Pacáistíocht chomhlíontach lena mbaineann riosca
---+Airteagal 60 1
---+Airteagal 60 2
---+Airteagal 60 3
---+Airteagal 60 4
---+Airteagal 60 5
|
Airteagal 60 Pacáistíocht chomhlíontach lena mbaineann riosca
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 60 1
|
1. I gcás ina gcinnfidh Ballstát, tar éis dó meastóireacht a dhéanamh faoi Airteagal 58, go bhfuil baol ag baint le pacáistíocht don chomhshaol nó do shláinte an duine, in ainneoin na gceanglas is infheidhme a leagtar síos in Airteagail 5 go 12 nó de bhun Airteagail 5 go 12 a bheith á gcomhlíonadh léi, ceanglóidh sé ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha, gan mhoill, an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a)
|
déanfaidh siad gach beart is iomchuí, laistigh de thréimhse réasúnta arna forordú ag na húdaráis um fhaireachas margaidh agus ar cóimhéid le cineál agus, i gcás inarb ábhartha, leibhéal an bhaoil, chun a áirithiú nach mbeidh an baol sin ag baint leis an bpacáistíocht lena mbaineann a thuilleadh nuair a chuirfear ar an margadh í;
|
|
(b)
|
an phacáistíocht a thabhairt chun comhréireachta;
|
|
(c)
|
an phacáistíocht a tharraingt siar ón margadh; nó
|
|
(d)
|
an phacáistíocht a aisghairm.
|
|
|
Airteagal 60 2
|
2. De mhaolú ar mhír 1, i gcás ina bhfuil imní ann maidir le baol a bheith ann do shláinte an duine a bhaineann le pacáistíocht atá íogair ó thaobh teagmhála de agus atá faoi réir dhlí sonrach arb é is aidhm dó sláinte an duine a chosaint agus i gcás ina n-aistrítear an baol sin chuig ní pacáistithe an ábhair pacáistíochta, ní dhéanfaidh na húdaráis um fhaireachas meastóireacht ar an mbaol i ndail le sláinte an duine nó na n-ainmhithe a eascraíonn as an ábhar pacáistíochta. Ina choinne sin, cuirfidh siad na húdaráis atá inniúil ar na baoil sin a rialú ar an eolas faoi na rioscaí sin, eadhon,. na húdaráis inniúla dá dtagraítear i Rialacháin (AE) 2017/625, (AE) 2017/745, (AE) 2017/746 nó (AE) 2019/6 nó Treoir 2001/83/CE a bheidh sna húdaráis sin.
|
|
Airteagal 60 3
|
3. Áiritheoidh an t-oibreoir eacnamaíoch go ndéanfar bearta ceartaitheacha maidir leis an bpacáistíocht neamhchomhlíontach uile lena mbaineann atá curtha ar fáil ar an margadh ar fud an Aontais ag an oibreoir eacnamaíoch.
|
|
Airteagal 60 4
|
4. Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach faoina chuid torthaí agus na gníomhartha a rinneadh ina ndiaidh sin de bhun mhír 1. Áireofar san fhaisnéis sin na sonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun go sainaithneofaí an phacáistíocht neamhchomhlíontach, tionscnamh agus slabhra soláthair na pacáistíochta, an cineál riosca a bhaineann léi agus cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh.
|
|
Airteagal 60 5
|
5. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle gan mhoill leis na Ballstáit agus leis an oibreoir eacnamaíoch ábhartha agus déanfar meastóireacht ar na bearta náisiúnta a rinneadh. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena gcinnfear cé acu atá nó nach bhfuil údar maith leis an mbeart náisiúnta agus, i gcás inar gá, molfaidh sé bearta iomchuí.
Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 65(2).
Ar mhórfhorais phráinne a bhfuil údar iomchuí leo a bhaineann leis an gcomhshaol nó sláinte an duine a chosaint, déanfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 65(3).
Díreoidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa mhír seo chuig na Ballstáit uile agus cuirfidh sé é in iúl láithreach dóibh agus don oibreoir eacnamaíoch ábhartha.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0040
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|