+Airteagal 61 Rialuithe ar phacáistíocht atá ag teacht isteach i margadh an Aontais
---+Airteagal 61 1
---+Airteagal 61 2
---+Airteagal 61 3
---+Airteagal 61 4
---+Airteagal 61 5

Airteagal 61 Rialuithe ar phacáistíocht atá ag teacht isteach i margadh an Aontais

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 61 1

1.   Cuirfidh na húdaráis um fhaireachas margaidh in iúl gan mhoill do na húdaráis a ainmnítear de bhun Airteagal 25(1) de Rialachán (AE) 2019/1020 na bearta dá dtagraítear in Airteagal 58(5) den Rialachán seo i gcás nach bhfuil an neamhchomhlíonadh teoranta dá gcríoch féin. Cuirfear san áireamh sa teachtaireacht sin an fhaisnéis ábhartha uile, go háirithe na sonraí is gá chun an phacáistíocht neamhchomhlíontach a shainaithint a bhfuil feidhm ag na bearta maidir léi, agus, i gcás táirge pacáistithe, an táirge féin.

Airteagal 61 2

2.   Úsáidfidh na húdaráis arna n-ainmniú de bhun Airteagal 25(1) de Rialachán (AE) 2019/1020 an fhaisnéis a cuireadh in iúl de bhun mhír 1 den Rialachán seo chun a n-anailís riosca a dhéanamh faoi Airteagal 25(3) de Rialachán (AE) 2019/1020.

Airteagal 61 3

3.   Cuirfear in iúl an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 tríd an bhfaisnéis a chur isteach sa timpeallacht iomchuí le haghaidh bainistiú riosca custaim.

Airteagal 61 4

4.   Déanfaidh an Coimisiún idirnasc a fhorbairt chun an chumarsáid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ón gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 58(6) chuig an timpeallacht dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a uathoibriú. Tosóidh an t-idirnasc sin ag feidhmiú tráth nach déanaí ná 24 mhí ón dáta a ghlacfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo.

Airteagal 61 5

5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear na rialacha nós imeachta agus mionsonraí na socruithe cur chun feidhme le haghaidh mhír 4 lena n-áirítear na feidhmiúlachtaí, na heilimintí sonraí agus próiseáil sonraí, chomh maith leis na rialacha maidir le próiseáil sonraí pearsanta, rúndacht agus an rialú i gcás an idirnaisc dá dtagraítear i mír 4.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin de bhun Airteagal 65(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0040
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.