4. D’fhéadfadh na híoscheanglais shainordaitheacha maidir le soláthar poiblí glas a bheith sna foirmeacha seo a leanas:
|
(a)
|
sonraíochtaí teicniúla de réir bhrí Airteagal 42 de Threoir 2014/24/AE agus Airteagal 60 de Threoir 2014/25/AE;
|
|
(b)
|
critéir roghnúcháin de réir bhrí Airteagal 58 de Threoir 2014/24/AE agus Airteagal 80 de Threoir 2014/25/AE; nó
|
|
(c)
|
coinníollacha feidhmíochta conartha de réir bhrí Airteagal 70 de Threoir 2014/24/AE agus d’Airteagal 87 de Threoir 2014/25/AE.
|
Forbrófar na híoscheanglais shainordaitheacha sin maidir le soláthar poiblí glas i gcomhréir leis na prionsabail i dTreoir 2014/24/AE agus i dTreoir 2014/25/AE chun baint amach chuspóirí an Rialacháin seo a éascú.