+Airteagal 63 Soláthar poiblí glas
---+Airteagal 63 1
---+Airteagal 63 2
---+Airteagal 63 3
---+Airteagal 63 4
---+Airteagal 63 5

Airteagal 63 Soláthar poiblí glas

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 63 1

1.   Chun an soláthar agus an t-éileamh ar phacáistíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a dhreasú, déanfaidh an Coimisiún, faoin 12 Feabhra 2030, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear íoscheanglais sainordaitheacha le haghaidh conarthaí poiblí a thagann faoi raon feidhme Threoir 2014/24/AE maidir le pacáistíocht nó táirgí pacáistithe nó maidir le seirbhísí a úsáideann pacáistíocht nó táirgí pacáistithe nó faoi raon feidhme Threoir 2014/25/AE, agus a dhámhann údaráis chonarthacha, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) de Threoir 2014/24/AE nó in Airteagal 3(1) de Threoir 2014/25/AE, nó eintitis chonarthacha, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1) de Threoir 2014/25/AE, inar mó ná 30 % de luach measta an chonartha nó de luach na dtáirgí a úsáideann na seirbhísí an phacáistíocht nó na táirgí pacáistithe is ábhar don chonradh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 65(2) den Rialachán seo.

Airteagal 63 2

2.   Beidh feidhm ag na ceanglais […] a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun mhír 1 maidir le […] nósanna imeachta chun conarthaí poiblí dá dtagraítear sa mhír sin a dhámhachtain […] ar cuireadh tús leo 12 mhí nó níos déanaí ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme […] lena mbaineann.

Airteagal 63 3

3.   Beidh na híoscheanglais shainordaitheacha maidir le soláthar poiblí glas bunaithe ar na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 5 go 11 nó de bhun na n-airteagal sin agus ar na heilimintí seo a leanas:

(a)

luach agus méid na gconarthaí poiblí arna ndámhachtain le haghaidh pacáistíochta nó táirgí pacáistithe nó le haghaidh na seirbhísí nó na n-oibreacha ina n-úsáidtear pacáistíocht nó táirgí pacáistithe;

(b)

an fhéidearthacht eacnamaíoch a bheith ag údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha pacáistíocht nó táirgí pacáistithe níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, gan costais dhíréireacha a bheith i gceist;

(c)

staid an mhargaidh ar leibhéal an Aontais maidir leis an bpacáistíocht ábhartha nó na táirgí pacáistithe ábhartha;

(d)

éifeachtaí na gceanglas ar an iomaíocht;

(e)

oibleagáidí maidir le bainistiú dramhaíola ó phacáistíocht.

Airteagal 63 4

4.   D’fhéadfadh na híoscheanglais shainordaitheacha maidir le soláthar poiblí glas a bheith sna foirmeacha seo a leanas:

(a)

sonraíochtaí teicniúla de réir bhrí Airteagal 42 de Threoir 2014/24/AE agus Airteagal 60 de Threoir 2014/25/AE;

(b)

critéir roghnúcháin de réir bhrí Airteagal 58 de Threoir 2014/24/AE agus Airteagal 80 de Threoir 2014/25/AE; nó

(c)

coinníollacha feidhmíochta conartha de réir bhrí Airteagal 70 de Threoir 2014/24/AE agus d’Airteagal 87 de Threoir 2014/25/AE.

Forbrófar na híoscheanglais shainordaitheacha sin maidir le soláthar poiblí glas i gcomhréir leis na prionsabail i dTreoir 2014/24/AE agus i dTreoir 2014/25/AE chun baint amach chuspóirí an Rialacháin seo a éascú.

Airteagal 63 5

5.   Féadfaidh na húdaráis chonarthacha agus na heintitis chonarthacha dá dtagraítear i mír 1, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, maolú ar na ceanglais a leagtar amach san gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun mhír 1 ar fhorais na slándála poiblí nó na sláinte poiblí. Féadfaidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha freisin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, maolú ar na ceanglais sin, i gcás ina gcruthófaí leis na ceanglais sin deacrachtaí teicniúla doréitithe.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0040
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.