+Airteagal 67 Leasuithe ar Threoir (AE) 2019/904
---+Airteagal 67 (1)
---+Airteagal 67 (2)
---+Airteagal 67 (3)
---+Airteagal 67 (4)
---+Airteagal 67 (5)
|
Airteagal 67 Leasuithe ar Threoir (AE) 2019/904
Leasaítear Treoir (AE) 2019/904 mar a leanas:
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 67 (1)
|
Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
(a)
|
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. I gcás ina mbíonn an Treoir seo ag teacht salach ar Threoir 94/62/CE nó 2008/98/CE, beidh forlámhas ag an Treoir seo mura bhforáiltear a mhalairt le Rialachán (AE) 2025/40 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1).
(*1) Rialachán (AE) 2025/40 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht, lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2019/904, agus lena n-aisghairtear Treoir 94/62/CE (IO L, 2025/40, 22.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/40/oj)’;"
|
|
(b)
|
cuirtear isteach an mhír seo a leanas:
‘3. I gcás ina bhfuil Airteagal 4 den Treoir seo ag teacht salach ar Airteagal 25(1) agus (6) de Rialachán (AE) 2025/40 a mhéid a bhaineann le pacáistíocht phlaisteach aon úsáide a liostaítear i bpointe 3 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin, beidh forlámhas ag Airteagal 25(1) agus (6) den Rialachán sin.’
; |
|
|
Airteagal 67 (2)
|
in Airteagal 6(5), scriostar pointí (a) agus (b), ón 1 Eanáir 2030 nó 3 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 7(8) de Rialachán (AE) 2025/40, cibé acu is déanaí;
|
|
Airteagal 67 (3)
|
in Airteagal 13(1), scriostar pointe (e) ón 1 Eanáir 2030 nó 3 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 7(8) de Rialachán (AE) 2025/40, cibé acu is déanaí;
|
|
Airteagal 67 (4)
|
in Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na sonraí agus ar an bhfaisnéis a thuairiscítear i gcomhréir leis an Airteagal seo agus foilseoidh sé tuarascáil ar thorthaí an athbhreithnithe sin. Déanfar measúnú sa tuarascáil ar eagrú bhailiú na sonraí agus na faisnéise, foinsí na sonraí agus na faisnéise agus an mhodheolaíocht a úsáidtear sna Ballstáit mar aon le hiomláine, iontaofacht, tráthúlacht agus comhsheasmhacht na sonraí agus na faisnéise sin. Féadfaidh moltaí sonracha le haghaidh feabhais a bheith sa mheasúnú. Déanfar an tuarascáil a tharraingt suas tar éis tar éis an chéad uair a thuairisceoidh na Ballstáit na sonraí agus an fhaisnéis agus gach 4 bliana dá éis sin.’
|
|
Airteagal 67 (5)
|
Leasaítear Cuid B den Iarscríbhinn mar a leanas:
|
(a)
|
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 7, 8 agus 9:
|
‘(7)
|
Coimeádáin bhia déanta as polaistiréin inleathnaithe (EPS) nó easbhrúite (XPS), i.e. gabhdáin amhail boscaí, bíodh clúdach orthu nó ná bíodh, a úsáidtear chun bia a choinneáil, ar bia é:
|
(a)
|
atá ceaptha lena ithe láithreach ar an láthair nó mar bhia beir leat;
|
|
(b)
|
arb iondúil gur as an ngabhdán a itear é; agus
|
|
(c)
|
atá réidh lena ithe gan a thuilleadh moille, gan a thuilleadh ullmhúcháin, amhail é a chócaráil, a fhiuchadh nó a théamh,
|
lena n-áirítear coimeádáin bhia a úsáidtear le haghaidh mearbhia nó aon bhia eile atá réidh lena ithe láithreach, cé is moite de choimeádáin deochanna, plátaí agus paicéid agus cumhdaigh ina bhfuil bia;
|
|
(8)
|
Coimeádáin deochanna déanta as polaistiréin inleathnaithe (EPS) nó easbhrúite (XPS), a gcaipíní agus a gcláir san áireamh;
|
|
(9)
|
Cupáin le haghaidh deochanna déanta as polaistiréin inleathnaithe (EPS) nó easbhrúite (XPS), a gclúdaithe agus a gcláir san áireamh;’
|
;
|
|
(b)
|
cuirtear na pointí seo a leanas isteach:
|
‘(10)
|
Crapchlúdach a úsáidtear in aerfoirt nó i stáisiúin traenach chun bagáiste a chosaint le linn iompair;
|
|
(11)
|
Sliseanna de pholaistiréin agus de phlaistigh eile a úsáidtear chun earraí pacáilte a chosaint le linn iompair agus láimhseála;
|
|
(12)
|
Fáinní plaisteacha ilphacáiste a úsáidtear mar phacáistíocht thánaisteach mar a shainmhínítear i bpointe 6 d’Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2025/40.’.
|
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0040
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|