2. Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar, saor in aisce agus gan mhoill trí sheirbhísí rochtana sonraí leictreonacha sláinte agus beidh sí ar fáil ar feadh 3 bliana ar a laghad ó gach dáta rochtana ar na sonraí. Beidh an méid seo a leanas ar a laghad ar áireamh san fhaisnéis sin:
|
(a)
|
faisnéis faoin soláthraí cúraim sláinte nó na ndaoine aonair eile a fuair rochtain ar na sonraí leictreonacha pearsanta sláinte;
|
|
(b)
|
an dáta agus am na rochtana;
|
|
(c)
|
na sonraí leictreonacha pearsanta sláinte a bhfuarthas rochtain orthu.
|