+Airteagal 16 Bainistiú sainaitheantais
---+Airteagal 16 1
---+Airteagal 16 2
---+Airteagal 16 3
---+Airteagal 16 4

Airteagal 16 Bainistiú sainaitheantais

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 16 1

1.   I gcás ina n-úsáideann daoine nádúrtha seirbhísí rochtana sonraí leictreonacha sláinte dá dtagraítear in Airteagal 4, beidh sé de cheart ag na daoine nádúrtha sin iad féin a shainaithint go leictreonach trí úsáid a bhaint as aon mhodh ríomh-shainaitheantais a aithnítear de bhun Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014. Féadfaidh na Ballstáit sásraí comhlántacha a sholáthar chun meaitseáil chéannachta iomchuí a áirithiú i gcásanna trasteorann.

Airteagal 16 2

2.   Cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na ceanglais maidir leis an sásra idir-inoibritheach trasteorann sainaitheantais agus fíordheimhniúcháin do dhaoine nádúrtha agus do ghairmithe sláinte, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014. Éascóidh an sásra sin inaistritheacht na sonraí leictreonacha pearsanta sláinte i gcomhthéacs trasteorann. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 98(2).

Airteagal 16 3

3.   Maidir leis na seirbhísí a cheanglaítear leis an sásra idir-inoibritheach trasteorann sainaitheantais agus fíordheimhniúcháin dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, cuirfidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, na seirbhísí sin chun feidhme ar leibhéal an Aontais, mar chuid den bhonneagar trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 23(3).

Airteagal 16 4

4.   Cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát agus an Coimisiún an sásra idir-inoibritheach trasteorann sainaitheantais agus fíordheimhniúcháin chun feidhme ar leibhéal an Bhallstáit agus ar leibhéal an Aontais, faoi seach.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0327
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.