|
+Airteagal 22 An caidreamh le húdaráis mhaoirseachta um chosaint sonraí faoi Rialachán (AE) 2016/679 |
Airteagal 22 An caidreamh le húdaráis mhaoirseachta um chosaint sonraí faoi Rialachán (AE) 2016/679Airteagal 22 An caidreamh le húdaráis mhaoirseachta um chosaint sonraí faoi Rialachán (AE) 2016/679 Beidh an t-údarás maoirseachta nó na húdaráis mhaoirseachta atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679 agus as a chur i bhfeidhm a fhorfheidhmiú inniúil freisin chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Airteagail 3 agus 5 go 10 den Rialachán seo agus a gcur i bhfeidhm a fhorfheidhmiú. Beidh feidhm mutatis mutandis ag na forálacha ábhartha de Rialachán (AE) 2016/679. Tabharfar de chumhacht d’údaráis mhaoirseachta fíneálacha riaracháin a ghearradh, suas leis an méid dá dtagraítear in Airteagal 83(5) de Rialachán (AE) 2016/679. Oibreoidh na húdaráis mhaoirseachta dá dtagraítear sa chéad mhír den Airteagal seo agus na húdaráis sláinte digití dá dtagraítear in Airteagal 19 i gcomhar, i gcás inarb ábhartha, chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú, faoi raon a n-inniúlachtaí faoi seach. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|