+Airteagal 94 1

Airteagal 94 1

1.   Beidh na cúraimí seo a leanas ar Bhord EHDS maidir le húsáid phríomhúil i gcomhréir le Caibidlí II agus III:

(a)

cuidiú leis na Ballstáit cleachtais na n-údarás sláinte digití a chomhordú;

(b)

rannchuidithe i scríbhinn a eisiúint agus dea-chleachtais a mhalartú maidir le hábhair a bhaineann le comhordú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo ar leibhéal na mBallstát, agus an leibhéal réigiúnach agus áitiúil á chur san áireamh, agus na ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh dá bhun, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

na forálacha a leagtar amach i gCaibidlí II agus III;

(ii)

seirbhísí ar líne a fhorbairt lena n-éascaítear rochtain shlán, lena n-áirítear ríomh-shainaitheantas slán, ar shonraí leictreonacha sláinte le haghaidh gairmithe sláinte agus daoine nádúrtha;

(iii)

gnéithe eile a bhaineann le húsáid phríomhúil;

(c)

comhar a éascú idir údaráis sláinte digití trí fhothú acmhainneachta, creat a bhunú le haghaidh tuairisciú gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 20 agus malartú faisnéise;

(d)

faisnéis a comhroinnt i measc a chomhaltaí maidir leis na rioscaí a bhaineann le córais RTS agus le teagmhais thromchúiseacha mar aon le rioscaí agus teagmhais den sórt sin a láimhseáil;

(e)

an malartú tuairimí maidir le húsáid phríomhúil a éascú le fóram na ngeallsealbhóirí dá dtagraítear in Airteagal 93, chomh maith le rialálaithe agus an lucht ceaptha beartas san earnáil sláinte.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0327
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.