+Airteagal 99 Pionóis
---+Airteagal 99 2
---+Airteagal 99 (a)
---+Airteagal 99 (b)
---+Airteagal 99 (c)
---+Airteagal 99 (d)
---+Airteagal 99 (e)
---+Airteagal 99 (f)

Airteagal 99 Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo, go háirithe i gcás sáruithe nach bhfuil faoi réir fíneálacha riaracháin de bhun Airteagail 63 agus 64, agus déanfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit, faoin 26 Márta 2027, fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin, agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 99 2

Cuirfidh na Ballstáit san áireamh na critéir neamh-uileghabhálacha agus tháscacha seo a leanas maidir le pionóis a fhorchur i leith sáruithe ar an Rialachán seo, i gcás inarb iomchuí:

Airteagal 99 (a)

cineál, tromchúis, scála agus fad an tsáraithe;

Airteagal 99 (b)

aon ghníomhaíocht a rinne an sáraitheoir chun an damáiste de dheasca an tsáraithe a mhaolú nó a leigheas;

Airteagal 99 (c)

aon sáruithe roimhe sin ag an sáraitheoir;

Airteagal 99 (d)

na sochair airgeadais a ghnóthaigh an sáraitheoir nó na caillteanais a sheachain sé de bharr an tsáraithe, a mhéid is féidir na sochair nó na caillteanais sin a shuí go hiontaofa;

Airteagal 99 (e)

aon fhachtóirí géaraitheacha nó maolaitheacha eile is infheidhme maidir le himthosca an cháis;

Airteagal 99 (f)

láimhdeachas bliantúil an tsáraitheora san Aontas sa bhliain airgeadais roimhe sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0327
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.