2. Chun cuspóirí Chlár Euratom 2026-2027 a bhaint amach agus chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin is coiteann do Chlár Euratom 2026-2027 agus don chlár Fís Eorpach, féadfaidh gníomhaíochtaí a bhaineann leis na cuspóirí a leagtar amach i gClár Euratom 2026-2027 nó leis na gníomhaíochtaí sin lena gcuirtear an clár Fís Eorpach chun feidhme, nó leo araon, tairbhiú de ranníocaíocht airgeadais an Chomhphobail, faoi réir Airteagal 9. Go háirithe, le Clár Euratom 2026-2027, féadfar ranníocaíocht airgeadais a chur ar fáil do Ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie chun tacú le gníomhaíochtaí atá ábhartha don taighde núicléach.