+Airteagal 10 Maoiniú carnach, malartach agus comhcheangailte
---+Airteagal 10 1
---+Airteagal 10 2
---+Airteagal 10 3
---+Airteagal 10 4

Airteagal 10 Maoiniú carnach, malartach agus comhcheangailte

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 10 1

1.   Cuirfear Clár Euratom 2026-2027 chun feidhme i sineirge leis an gclár Fís Eorpach agus le cláir eile de chuid an Aontais.

Airteagal 10 2

2.   Chun cuspóirí Chlár Euratom 2026-2027 a bhaint amach agus chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin is coiteann do Chlár Euratom 2026-2027 agus don chlár Fís Eorpach, féadfaidh gníomhaíochtaí a bhaineann leis na cuspóirí a leagtar amach i gClár Euratom 2026-2027 nó leis na gníomhaíochtaí sin lena gcuirtear an clár Fís Eorpach chun feidhme, nó leo araon, tairbhiú de ranníocaíocht airgeadais an Chomhphobail, faoi réir Airteagal 9. Go háirithe, le Clár Euratom 2026-2027, féadfar ranníocaíocht airgeadais a chur ar fáil do Ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie chun tacú le gníomhaíochtaí atá ábhartha don taighde núicléach.

Airteagal 10 3

3.   Gníomhaíocht ar tugadh ranníocaíocht di ó chlár eile de chuid an Aontais, féadfar ranníocaíocht a thabhairt di faoi Chlár Euratom 2026-2027 freisin, ar choinníoll nach gcumhdaítear na costais chéanna leis na ranníocaíochtaí. Beidh feidhm ag rialacha an chláir ábhartha maidir lena ranníocaíocht chomhfhreagrach leis an ngníomhaíocht. Ní rachaidh an maoiniú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta. Féadfar an tacaíocht ó na cláir éagsúla a ríomh ar bhonn pro rata i gcomhréir leis na doiciméid lena leagtar amach na coinníollacha tacaíochta.

Airteagal 10 4

4.   Féadfaidh gníomhaíochtaí tacaíocht a fháil ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa nó ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de Rialachán (AE) 2021/1060 i gcás inar gníomhaíochtaí iad ar bronnadh lipéad an tSéala Barr Feabhais orthu faoi Chlár Euratom 2026-2027 má chomhlíonann an ghníomhaíocht na coinníollacha carnacha seo a leanas:

(a)

rinneadh measúnú orthu i nglao ar thograí faoi Chlár Euratom 2026-2027;

(b)

comhlíonann siad íoscheanglais cháilíochta an ghlao sin ar thograí;

(c)

ní fhéadfar iad a mhaoiniú faoin nglao sin ar thograí i ngeall ar shrianta buiséadacha.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 03.07.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R1304
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.