3. Gníomhaíocht ar tugadh ranníocaíocht di ó chlár eile de chuid an Aontais, féadfar ranníocaíocht a thabhairt di faoi Chlár Euratom 2026-2027 freisin, ar choinníoll nach gcumhdaítear na costais chéanna leis na ranníocaíochtaí. Beidh feidhm ag rialacha an chláir ábhartha maidir lena ranníocaíocht chomhfhreagrach leis an ngníomhaíocht. Ní rachaidh an maoiniú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta. Féadfar an tacaíocht ó na cláir éagsúla a ríomh ar bhonn pro rata i gcomhréir leis na doiciméid lena leagtar amach na coinníollacha tacaíochta.