2. Tiocfaidh an Coiste le chéile in dhá fhoirmíocht éagsúla, foirmíochtaí a bheidh ag plé leis na gnéithe sin de Chlár Euratom 2026-2027 a bhaineann le heamhnú agus le comhleá.
D’fhonn cur chun feidhme Chlár Euratom 2026-2027 a éascú, maidir le gach cruinniú den Choiste mar a shainítear sa chlár oibre, aisíocfaidh an Coimisiún costais aon ionadaí amháin in aghaidh an Bhallstáit, agus costais aon saineolaí amháin nó aon chomhairleora amháin in aghaidh an Bhallstáit as na míreanna cláir oibre sin i gcás ina dteastóidh saineolas sonrach ó Bhallstát i gcomhréir le treoirlínte bunaithe an Choimisiúin.