7. Beidh formheas an Bhoird ag teastáil le haghaidh cinntí a bhfuil tionchar suntasach acu ar phróifíl riosca an SIPS agus le haghaidh na bpríomhdhoiciméad riosca lena rialaítear oibríochtaí an SIPS. Ar a laghad, formheasfaidh an Bord agus athbhreithneoidh sé ar bhonn bliantúil an creat uileghabhálach bainistithe riosca dá dtagraítear in Airteagal 10(1), an plean téarnaimh agus clabhsúir ordúil agus an plean caipitil dá dtagraítear in Airteagail 10(4) agus 18(6) faoi seach, na creataí maidir le riosca creidmheasa agus leachtachta dá dtagraítear in Airteagail 11(1) agus 13(1) faoi seach, an creat comhthaobhachta lena rialaítear bainistiú na rioscaí dá dtagraítear in Airteagal 12, straitéis infheistíochta an SIPS dá dtagraítear in Airteagal 19(4), an creat riosca oibriúcháin agus an plean leanúnachais gnó gaolmhar dá dtagraítear in Airteagail 20(1) agus 20(6) faoi seach, an creat agus an straitéis cibear-athléimneachta dá dtagraítear in Airteagal 21(1), agus an creat um sheachfhoinsiú dá dtagraítear in Airteagal 22(4).