3. Déanfaidh oibreoir SIPS faireachán ar bhonn leanúnach ar chomhlíonadh chritéir rochtana agus rannpháirtíochta an SIPS ag na rannpháirtithe. Bunóidh oibreoir SIPS nósanna imeachta neamh-idirdhealaitheacha chun go bhféadfar rannpháirtíocht rannpháirtí a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh ar bhealach ordúil i gcás ina mainníonn an rannpháirtí na critéir a chomhlíonadh agus nochtfaidh sé príomhghnéithe ábhartha na nósanna imeachta sin go poiblí. Athbhreithneoidh sé na nósanna imeachta uair sa bhliain ar a laghad.