+Airteagal 23 Critéir rochtana agus rannpháirtíochta
---+Airteagal 23 1
---+Airteagal 23 2
---+Airteagal 23 3
|
Airteagal 23 Critéir rochtana agus rannpháirtíochta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 23 1
|
1. Déanfaidh oibreoir SIPS critéir rochtana agus rannpháirtíochta neamh-idirdhealaitheacha ar sheirbhísí an SIPS a bhunú agus a nochtadh go poiblí do rannpháirtithe díreacha agus, i gcás inarb ábhartha, do rannpháirtithe indíreacha agus do BMAnna eile. Athbhreithneoidh sé na critéir uair sa bhliain ar a laghad.
|
|
Airteagal 23 2
|
2. Maidir leis na critéir rochtana agus rannpháirtíochta dá dtagraítear i mír 1, tabharfar údar cuí leo ó thaobh shábháilteacht agus éifeachtúlacht an SIPS agus na margaí ar a bhfreastalaíonn sé, agus beidh siad saincheaptha do rioscaí sonracha an SIPS agus i gcomhréir leis na rioscaí sin. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, socróidh oibreoir SIPS ceanglais lena gcuirfear a laghad sriain is féidir ar rochtain. Má dhiúltaíonn oibreoir SIPS rochtain a thabhairt d’eintiteas a bhfuil iarraidh ar rochtain agus rannpháirtíocht déanta aige, tabharfaidh sé cúiseanna leis sin i scríbhinn, bunaithe ar anailís chuimsitheach riosca.
|
|
Airteagal 23 3
|
3. Déanfaidh oibreoir SIPS faireachán ar bhonn leanúnach ar chomhlíonadh chritéir rochtana agus rannpháirtíochta an SIPS ag na rannpháirtithe. Bunóidh oibreoir SIPS nósanna imeachta neamh-idirdhealaitheacha chun go bhféadfar rannpháirtíocht rannpháirtí a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh ar bhealach ordúil i gcás ina mainníonn an rannpháirtí na critéir a chomhlíonadh agus nochtfaidh sé príomhghnéithe ábhartha na nósanna imeachta sin go poiblí. Athbhreithneoidh sé na nósanna imeachta uair sa bhliain ar a laghad.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 14.07.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R1355
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|