+Airteagal 29 Cumhachtaí údaráis inniúil
---+Airteagal 29 1
---+Airteagal 29 2
|
Airteagal 29 Cumhachtaí údaráis inniúil
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 29 1
|
1. Beidh sé de chumhacht ag údarás inniúil:
|
(a)
|
an fhaisnéis riachtanach agus na doiciméid riachtanacha uile a fháil, tráth ar bith, ó oibreoir SIPS chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas faoin Rialachán seo nó chun oibriú rianúil na gcóras íocaíochta ar an leibhéal sistéamach a chur chun cinn. Déanfaidh an t-oibreoir SIPS an fhaisnéis ábhartha a thuairisciú don údarás inniúil gan moill mhíchuí;
|
|
(b)
|
a cheangal ar oibreoir SIPS saineolaí neamhspleách a cheapadh chun imscrúdú nó athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh ar oibriú an SIPS. Féadfaidh an t-údarás inniúil ceanglais a fhorchur maidir leis an gcineál saineolaí atá le ceapadh, ábhar agus raon feidhme na tuarascála atá le cur ar fáil, láimhseáil na tuarascála, lena n-áirítear nochtadh agus foilsiú codanna áirithe, agus uainiú tháirgeadh na tuarascála. Cuirfidh oibreoir SIPS an t-údarás inniúil ar an eolas faoin gcaoi ar comhlíonadh na ceanglais a forchuireadh;
|
|
(c)
|
cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh nó cigireachtaí ar an láthair a tharmligean. Féadfaidh an t-údarás inniúil cigireacht a dhéanamh gan fógra a thabhairt roimh ré más gá sin ar mhaithe leis an gcigireacht a dhéanamh go cuí agus go héifeachtúil.
|
|
|
Airteagal 29 2
|
2. Sonraítear i gCinneadh (AE) 2019/1349 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2019/25) (14) an nós imeachta agus na coinníollacha faoina bhfeidhmeoidh údarás inniúil na cumhachtaí a leagtar amach san Airteagal seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 14.07.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R1355
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|