1. I gcás nár chomhlíon oibreoir SIPS an Rialachán seo nó i gcás ina bhfuil forais réasúnacha amhrais ann nár chomhlíon oibreoir SIPS an Rialachán seo, féadfaidh an t-údarás inniúil nós imeachta a thionscnamh chun beart ceartaitheach a fhorchur, agus sa chás sin, déanfaidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas:
|
(a)
|
fógra i scríbhinn a thabhairt don oibreoir SIPS maidir le cineál an neamhchomhlíonta nó an neamhchomhlíonta amhrasta;
|
|
(b)
|
deis a thabhairt don oibreoir SIPS éisteacht a fháil agus mínithe a thabhairt.
|