+Airteagal 13 Comhlíonadh a fhíorú agus tuairisciú
---+Airteagal 13 1
---+Airteagal 13 2
---+Airteagal 13 3
---+Airteagal 13 4
|
Airteagal 13 Comhlíonadh a fhíorú agus tuairisciú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 13 1
|
1. Fíoróidh na húdaráis inniúla go gcomhlíonann na hoibreoirí eacnamaíocha, iompróirí de chuid an Aontais, na hiompróirí nach iompróirí de chuid an Aontais iad agus na hionadaithe údaraithe, na seoltóirí, agus oibreoirí, gníomhairí agus máistrí na soithí farraige na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, agus an fhaisnéis a thugtar sna féindearbhuithe comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus (2) agus a bhailíonn deimhnitheoirí agus údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 6(6) agus Airteagal 7(1) i gcomhréir le díolúintí arna ndeonú de bhun Airteagal 8 á cur san áireamh, i gcás inarb infheidhme. Déanfaidh na húdaráis inniúla cigireachtaí comhshaoil agus bearta fíorúcháin eile, lena n-áirítear gan fógra a thabhairt roimh ré, agus cur chuige rioscabhunaithe á leanúint.
|
|
Airteagal 13 2
|
2. Faoin 1 Eanáir 2030, agus gach 3 bliana dá éis sin, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin ina mbeidh faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil ar chur chun feidhme an Rialacháin seo le linn na 3 bliana féilire leanúnacha roimhe sin. Áireofar ar an bhfaisnéis sin:
|
(a)
|
an líon oibreoirí eacnamaíocha in aghaidh mhéid an fhiontair faoi Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún agus in aghaidh na gníomhaíochta eacnamaíche, a suiteálacha, agus an líon iompróirí de chuid an Aontais agus an líon iompróirí nach iompróirí de chuid an Aontais iad agus na modhanna iompair a úsáideann na hiompróirí sin chun millíní plaisteacha a iompar;
|
|
(b)
|
líon na bpleananna bainistithe riosca agus na bhféindearbhuithe faoinar tugadh fógra de bhun Airteagal 5(1) agus 5(2) faoi seach, líon na ndeimhnithe faoinar tugadh fógra de bhun Airteagal 6(6) agus líon na n-oibreoirí eacnamaíocha atá cláraithe le EMAS nó a bhfuil córas bainistithe comhshaoil curtha chun feidhme acu a chomhlíonann na coinníollacha in Airteagal 8(2);
|
|
(c)
|
líon na gceadanna arna ndeonú a chomhlíonann na coinníollacha de bhun Airteagal 7; agus
|
|
(d)
|
an líon cigireachtaí comhshaoil agus beart fíorúcháin eile agus a dtorthaí, arb iniúchtaí agus bearta iad arna ndéanamh faoi mhír 1 den Airteagal seo, mar aon leis an líon teagmhas agus timpistí arna dtuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 14(1) agus na bearta arna ndéanamh i gcás neamh-chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo.
|
|
|
Airteagal 13 3
|
3. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, formáid a leagan síos le haghaidh na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 24(2).
|
|
Airteagal 13 4
|
4. Tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an dáta tuairiscithe dá dtagraítear i mír 2, cuirfidh an Coimisiún ar fáil go poiblí forléargas ar an Aontas ina iomláine ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, bunaithe ar na sonraí arna gcur faoina bhráid de bhun na míre sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 26.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R2365
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|