1. Faoin 17 Nollaig 2026, forbróidh an Coimisiún ábhar múscailte feasachta agus oiliúna maidir le cur chun feidhme iomchuí na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo agus cuirfidh sé ar fáil don phobal é, lena n-áirítear tríd an idirlíon, ar shuíomh gréasáin a bheidh éasca a aimsiú, saor in aisce agus gan an rochtain a shrianadh d’úsáideoirí cláraithe amháin, i gcomhairle le hionadaithe oibreoirí eacnamaíocha, iompróirí agus deimhnitheoirí, lena n-áirítear micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus eagraíochtaí ábhartha comhshaoil neamhrialtasacha agus i gcomhar leis na húdaráis inniúla. I gcás inarb iomchuí, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle freisin le hionadaithe ionadaithe údaraithe, seoltóirí, agus oibreoirí, gníomhairí agus máistrí soithí farraige.