+Airteagal 25 Meastóireacht agus athbhreithniú
---+Airteagal 25 1
---+Airteagal 25 2
---+Airteagal 25 3
|
Airteagal 25 Meastóireacht agus athbhreithniú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 25 1
|
1. Faoin 17 Nollaig 2033, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur chun feidhme an Rialacháin seo i bhfianaise na gcuspóirí a shaothraítear leis. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar phríomhthorthaí na meastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh an méid seo a leanas, ar a laghad, sa tuarascáil:
|
(a)
|
an taithí a fuarthas ón Rialachán seo a chur chun feidhme;
|
|
(b)
|
an fhaisnéis arna tuairisciú ag na Ballstáit de bhun Airteagal 13(2);
|
|
(c)
|
an fhaisnéis a chuireann oibreoirí eacnamaíocha ar fáil maidir le cainníochtaí measta bliantúla de chaillteanas millíní plaisteacha, mar a thuairiscítear de bhun Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006;
|
|
(d)
|
rannchuidiú an Rialacháin seo leis an sprioc fhoriomlán maidir le laghdú 30 % a dhéanamh ar thruailliú micreaphlaisteach faoi 2030;
|
|
(e)
|
measúnú ar cé acu is gá nó nach gá tuilleadh gníomhaíochtaí a dhéanamh maidir le foinsí breise scaoilte neamhbheartaithe micreaphlaisteach d’fhonn cuspóirí an Aontais a bhaint amach maidir le truailliú micreaphlaisteach a laghdú;
|
|
(f)
|
na sonraí agus na torthaí eolaíocha is déanaí;
|
|
(g)
|
measúnú ar na sonraí agus na torthaí eolaíocha is déanaí maidir le hinrianaitheacht cheimiceach millíní plaisteacha agus ar a ábhartha atá sé síniú ceimiceach uathúil a thabhairt isteach;
|
|
(h)
|
idirghníomhú an Rialacháin seo le tionscnaimh idirnáisiúnta ábhartha lena dtugtar aghaidh ar chaillteanas millíní plaisteacha, go háirithe maidir le muiriompar;
|
|
(i)
|
measúnú ar an tionchar a bheadh ag oibreoirí eacnamaíocha a láimhseálann millíní plaisteacha faoi bhun tairseacha áirithe ar chur chun feidhme an Rialacháin seo a eisiamh ó oibleagáidí áirithe faoin Rialachán seo, agus ar a ábhartha atá sé tairseach d’iompróirí a bhunú;
|
|
(j)
|
measúnú ar an éifeacht a bhí ag na díolúintí a deonaíodh de bhun Airteagal 7 chun an cuspóir a bhaint amach maidir le doirteadh agus caillteanas a chosc;
|
|
(k)
|
measúnú ar a mhéid a chomhlíonann iompróirí na hoibleagáidí faoin Rialachán seo, go háirithe iompróirí nach iompróirí de chuid an Aontais iad;
|
|
(l)
|
measúnú ar éifeacht choibhneasta na modhanna éagsúla chun faisnéis a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 10.
|
|
|
Airteagal 25 2
|
2. I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ag gabháil leis an tuarascáil.
|
|
Airteagal 25 3
|
3. I gcás ina nglacfaidh an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) bearta chun go n-iompróidh longa millíní plaisteacha go sábháilte agus chun truailliú muirí de bharr millíní plaisteacha a iompraítear ar longa a chosc, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na bearta sin, lena n-áirítear an gá atá le hailíniú leis na bearta sin a áirithiú, agus glacfaidh sé, más iomchuí, togra reachtach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 26.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R2365
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|