2. I gcás ina bhfuil sonraí nó faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3(2) nó (3) i seilbh an Choimisiúin nó ceann de na Gníomhaireachtaí, cuirfidh sé na sonraí sin ar fáil do ECHA, a dhéanfaidh iad a ionchorprú san ardán sonraí comhchoiteann. Cuirfidh an Coimisiún agus na Gníomhaireachtaí na sonraí nó an fhaisnéis ar fáil do ECHA i bhformáid chaighdeánach, i gcás ina bhfuil ceann ar fáil, mar aon leis na sonraí comhthéacs ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 4(5), pointe (c). I gcás nach gcuirtear na sonraí sin ar fáil don phobal faoin ngníomh tionscnaimh de chuid an Aontais, cuirfidh an Coimisiún agus na Gníomhaireachtaí an méid sin in iúl.