1. Mar chuid den ardán sonraí comhchoiteann, déanfaidh ECHA bunachar sonraí nua a bhunú agus a bhainistiú ina mbeidh faisnéis maidir le próisis agus gníomhaíochtaí rialála ar cheimiceáin aonair nó grúpaí ceimiceán atá beartaithe, atá ar bun nó a cuireadh i gcrích ó cuireadh an Rialachán seo i bhfeidhm ag na Ballstáit, ag na gníomhaireachtaí náisiúnta nó ag institiúidí an Aontais, ag ECHA, ag EEA, ag EFSA, ag EU-OSHA nó ag coistí dá dtagraítear i ngníomhartha dlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn III.