+Airteagal 10 Faisnéis maidir le próisis rialála um cheimiceáin
---+Airteagal 10 1
---+Airteagal 10 2
---+Airteagal 10 3
---+Airteagal 10 4
|
Airteagal 10 Faisnéis maidir le próisis rialála um cheimiceáin
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1
|
1. Mar chuid den ardán sonraí comhchoiteann, déanfaidh ECHA bunachar sonraí nua a bhunú agus a bhainistiú ina mbeidh faisnéis maidir le próisis agus gníomhaíochtaí rialála ar cheimiceáin aonair nó grúpaí ceimiceán atá beartaithe, atá ar bun nó a cuireadh i gcrích ó cuireadh an Rialachán seo i bhfeidhm ag na Ballstáit, ag na gníomhaireachtaí náisiúnta nó ag institiúidí an Aontais, ag ECHA, ag EEA, ag EFSA, ag EU-OSHA nó ag coistí dá dtagraítear i ngníomhartha dlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn III.
|
|
Airteagal 10 2
|
2. I gcás ina bhfuil faisnéis dá dtagraítear i mír 1 ag údaráis inniúla na mBallstát amhail dá dtagraítear in aon cheann de ghníomhartha dlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn III, cuirfidh siad an fhaisnéis sin ar fáil don ghníomhaireacht de chuid an Aontais atá freagrach faoin ngníomh dlí ábhartha de chuid an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn III gan mhoill. Maidir le gach próiseas nó gníomhaíocht rialála, áireofar an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:
|
(a)
|
an chéannacht cheimiceáin;
|
|
(b)
|
gníomh dlí an Aontais agus an próiseas rialála ar ina chomhthéacs a dtarlaíonn an ghníomhaíocht;
|
|
(c)
|
an duine nó comhlacht atá freagrach as an bpróiseas nó an ghníomhaíocht rialála;
|
|
(d)
|
stádas an phróisis nó na gníomhaíochta rialála;
|
|
(e)
|
toradh an phróisis nó na gníomhaíochta rialála, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, aon tuarascálacha nó tuairimí a glacadh;
|
|
(f)
|
i gcás inarb infheidhme, an dáta atá beartaithe chun tús a chur leis an bpróiseas nó gníomhaíocht rialála, agus an dáta cur i gcrích agus an nuashonrú dul chun cinn is déanaí.
|
|
|
Airteagal 10 3
|
3. I gcás ina bhfuil faisnéis dá dtagraítear i mír 1 i seilbh ECHA, EEA, EFSA, EU-OSHA nó an Choimisiúin, cuirfidh siad an fhaisnéis sin ar fáil do ECHA lena n-ionchorprú san ardán sonraí comhchoiteann sna formáidí caighdeánacha dá ndéantar foráil in Airteagal 17 gan mhoill agus, i gcás inarb ábhartha, a luaithe a bheidh an measúnú bailíochta déanta ag an nGníomhaireacht atá freagrach nó ag an gCoimisiún. Agus an fhaisnéis sin á cur ar fáil, áireofar an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad le haghaidh gach próisis nó gníomhaíochta rialála:
|
(a)
|
an chéannacht cheimiceáin;
|
|
(b)
|
gníomh dlí an Aontais agus an próiseas rialála ar ina chomhthéacs a dtarlaíonn an ghníomhaíocht;
|
|
(c)
|
an duine nó an comhlacht atá freagrach as an bpróiseas nó an ghníomhaíocht rialála;
|
|
(d)
|
stádas an phróisis nó na gníomhaíochta rialála;
|
|
(e)
|
toradh an phróisis nó na gníomhaíochta rialála, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, aon tuarascálacha nó tuairimí a glacadh;
|
|
(f)
|
i gcás inarb infheidhme, dáta an rúin chun tús a chur leis an bpróiseas nó gníomhaíocht rialála, agus an dáta cur i gcrích agus an nuashonrú dul chun cinn is déanaí.
|
|
|
Airteagal 10 4
|
4. Cuirfear ar fáil don phobal an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3, pointí (a) go (f), maidir le próiseas nó gníomhaíocht rialála shonrach nuair a chuirtear tús go foirmiúil leis an bpróiseas nó an ghníomhaíocht sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.12.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R2455
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|