7. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh do dhíolúintí a cheadú ó na hoibleagáidí a leagtar síos i míreanna 1 go 5 le haghaidh staidéir a dhéantar ar mhaithe le cosaint.
I gcás ina bhforáiltear i ngníomh dlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I, Cuid 1, go bhféadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh do dhíolúintí ó oibleagáidí an ghnímh dlí sin ar mhaithe leis an tslándáil náisiúnta, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh do dhíolúintí ó na hoibleagáidí a leagtar síos i míreanna 1 go 5.