3. Chun a áirithiú go liostaítear in Iarscríbhinn III gach gníomh dlí de chuid an Aontais ar dá mbun a thugtar faoi phróisis rialála maidir le ceimiceáin nó grúpaí ceimiceán ag údaráis inniúla na mBallstát, ECHA, EEA, EFSA, EU-OSHA nó ag an gCoimisiún, agus chun an t-ardán sonraí comhchoiteann a choinneáil cothrom le dáta, a luaithe a thagann gníomhartha dlí nua de chuid an Aontais ar dá mbun a bhunaítear próisis rialála nua chun feidhme, nó a luaithe a leasaítear gníomh dlí de chuid an Aontais atá ann cheana chun próisis rialála nua a bhunú, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 28 chun Iarscríbhinn III a leasú trí na gníomhartha dlí sin de chuid an Aontais a chur leis an Iarscríbhinn sin, i gcás nár leasaigh an gníomh dlí nua de chuid an Aontais lena mbaineann Iarscríbhinn III dá réir sin.