+Airteagal 27 Leasú ar Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II, Iarscríbhinn III agus Iarscríbhinn V
---+Airteagal 27 1
---+Airteagal 27 2
---+Airteagal 27 3
---+Airteagal 27 4
|
Airteagal 27 Leasú ar Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II, Iarscríbhinn III agus Iarscríbhinn V
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 27 1
|
1. Chun a áirithiú go liostaítear in Iarscríbhinn I gach gníomh dlí ábhartha de chuid an Aontais ar dá mbun a ghintear sonraí ceimiceán nó faoina gcuirtear sonraí ceimiceán faoi bhráid na nGníomhaireachtaí nó an Choimisiúin, agus chun an t-ardán sonraí comhchoiteann a choinneáil cothrom le dáta, a luaithe a thagann gníomhartha dlí nua de chuid an Aontas, ar dá mbun a ghintear nó a chuirtear isteach sonraí ceimiceán, chun feidhme, nó a luaithe a leasaítear gníomh dlí de chuid an Aontais atá ann cheana chun forálacha a thabhairt isteach maidir le giniúint nó cur isteach sonraí, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 28 chun Iarscríbhinn I a leasú trí na gníomhartha dlí sin de chuid an Aontais a chur leis an Iarscríbhinn sin, i gcás nár leasaigh an gníomh dlí nua de chuid an Aontais lena mbaineann Iarscríbhinn I dá réir sin.
|
|
Airteagal 27 2
|
2. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 chun Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú trí luachanna tagartha nua arna ndíorthú faoi dhlí an Aontais maidir le táirgí íocshláinte a chur leis, agus dul chun cinn sa digitiú agus idir-inoibritheacht chomh maith le hábharthacht na luachanna do bheartas agus réimsí rialála eile maidir le ceimiceáin á gcur san áireamh.
|
|
Airteagal 27 3
|
3. Chun a áirithiú go liostaítear in Iarscríbhinn III gach gníomh dlí de chuid an Aontais ar dá mbun a thugtar faoi phróisis rialála maidir le ceimiceáin nó grúpaí ceimiceán ag údaráis inniúla na mBallstát, ECHA, EEA, EFSA, EU-OSHA nó ag an gCoimisiún, agus chun an t-ardán sonraí comhchoiteann a choinneáil cothrom le dáta, a luaithe a thagann gníomhartha dlí nua de chuid an Aontais ar dá mbun a bhunaítear próisis rialála nua chun feidhme, nó a luaithe a leasaítear gníomh dlí de chuid an Aontais atá ann cheana chun próisis rialála nua a bhunú, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 28 chun Iarscríbhinn III a leasú trí na gníomhartha dlí sin de chuid an Aontais a chur leis an Iarscríbhinn sin, i gcás nár leasaigh an gníomh dlí nua de chuid an Aontais lena mbaineann Iarscríbhinn III dá réir sin.
|
|
Airteagal 27 4
|
4. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 28, i gcás inar gá chun Iarscríbhinn V a choinneáil chomh hiomlán agus is féidir, agus chun an t-ardán sonraí comhchoiteann a choinneáil cothrom le dáta, chun Iarscríbhinn V a leasú tríd an méid seo a leanas a chur leis:
|
(a)
|
aon ghníomh dlí nua de chuid an Aontais ar dá bhun a ghintear nó a chuirtear isteach sonraí maidir le ceimiceáin in earraí nó táirgí, a luaithe a thagann sé chun feidhme, seachas i gcás ina bhfuil foráil ann lena gcuirtear an gníomh sin le hIarscríbhinn V;
|
|
(b)
|
aon ghníomh dlí de chuid an Aontais atá ann cheana a liostaítear in Iarscríbhinn I a leasaítear ar bhealach ina ngintear nó ina gcuirtear isteach sonraí maidir le ceimiceáin in earraí nó táirgí dá bhun, a luaithe a thagann an gníomh leasaitheach faoi seach i bhfeidhm, mura bhfuil foráil sa ghníomh leasaitheach lena gcuirtear an gníomh sin le hIarscríbhinn V; nó
|
|
(c)
|
aon ghníomh dlí de chuid an Aontais atá ann cheana a liostaítear in Iarscríbhinn I ar soiléiríodh ina leith le fíorú breise go ngintear nó go gcuirtear isteach sonraí maidir le ceimiceáin in earraí nó i dtáirgí dá bhun.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.12.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R2455
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|