3. Laistigh de 2 bhliain ó thabhairt i gcrích an staidéir bithmhonatóireachta daonna dá dtagraítear in Airteagal 25, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar a iomchuí atá sé a éileamh ar ECHA agus EFSA, i gcomhar le EEA staidéir rialta bithmhonatóireachta daonna a choimisiúnú, chomh maith leis na hacmhainní is gá le haghaidh na staidéar sin agus na socruithe praiticiúla chun go mbeidh na Ballstáit rannpháirteach sna staidéir sin.
Ar bhonn an mheasúnaithe sin, féadfaidh an Coimisiún togra reachtach a thíolacadh.