4. Faoin 2 Eanáir 2032, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ginearálta ar an Rialachán seo, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena ngabhfaidh, más iomchuí, togra reachtach. Sa tuarascáil sin, déanfar measúnú ar an dul chun cinn ar chur chun feidhme agus feidhmiú an ardáin sonraí chomhchoitinn, ar cibé ar bhain an Rialachán seo a chuspóirí amach, go háirithe chun athúsáid níos fearr sonraí a éascú ar fud na ngníomhartha dlí de chuid an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, agus ar oiriúnacht leithdháileadh na n-acmhainní ar na Gníomhaireachtaí agus ar an gCoimisiún.